An difríocht idir athruithe ar: "Dúnmharú an Miami Showband"

mioncheartú gramadaí
(mioncheartú gramadaí)
Dealraíonn sé gur phléasc [[buama]] na sceimhlitheoirí de thaisme, nuair a bhí na "[[Saighdiúir|saighdiúirí]]" in ainm is a bheith ag seiceáil veain na gceoltóirí. Bhí siad ag caitheamh sainéidí Reisimint Chosanta Uladh, nó bhí siad ina saighdiúirí sa reisimint, cé go raibh siad gníomhach i bhFórsa Óglaigh Uladh ([[UVF]]) freisin.
 
Ansin, chinn na sceimhlitheoirí iarsmaí an bhanna a mharú le nach mbeadh fianaise ná finnéithe fágtha. Criathraíodh aghaidh agus cloigeann an phríomhamhránaí Fran O'Toole le meaisínghunna, agus lámhachadh an tiománaí Brian McCoy agus Anthony Geraghty sa droim. Lig Stephen Travers air féin go raibh sé marbh, agus chuaigh Des McAlea inai bhfolach. Níos déanaí, thóg sé an gháir.
[[Íomhá:UDR Soldiers - South Armagh.jpg|clé|mion|Saighdiúirí de chuid Reisimint Chosanta Uladh in Ard Mhacha Theas]]
Nuair a bhain na póilíní láthair na coire amach, fuair siad rompu, cé is moite de na ceoltóirí marbha, beirt sceimhlitheoirí marbha, Harris Boyle agus Wesley Somerville, agus Stephen Travers, gortaithe go dona.