An difríocht idir athruithe ar: "Maláire"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Mature Plasmodium malariae schizont PHIL 2715 lores.jpg|thumb|''Plasmodium malariae'']]
[[Galar]] tógálach is ea '''an mhaláire''' nó '''malaria''' (ón [[Iodáilis]] [[An Mheánaois|Mheánaoiseach]] do 'dhroch-aer' a thagann sé). Tá sé coitianta sna [[An Teochrios|trópaicí]] agus sna fothrópaicí. Bíonn 350–500 milliún cás ann gach bliain,<ref>[http://www.cdc.gov/malaria/facts.htm Malaria Facts]. ''Centers for Disease Control and Prevention.''</ref> Maraítear 1-3 milliún duine, 90% díobh san Afraic fho-Shahárach: páistí iad a bhformhór.<ref>{{cite journal | author = Snow RW, Guerra CA, Noor AM, Myint HY, Hay SI| title = The global distribution of clinical episodes of Plasmodium falciparum malaria | journal = Nature | volume = 434 | issue = 7030 | pages = 214–7 | year = 2005 | pmid = 15759000 | doi = 10.1038/nature03342}}</ref> Tá dlúthbhaint idir an mhaláire agus an [[Bochtanas san Afraic|bochtanas]] agus uaireanta cúisíonn an galar an bochtanas.<ref>{{cite web|url=http://ftp.iza.org/dp2997.pdf|format=PDF|teideal=Malaria: Disease Impacts and Long-Run Income Differences|publisher=[[Institute for the Study of Labor]]|accessdate=2008-12-10}}</ref>
 
[[Íomhá:Anopheles albimanus mosquito.jpg|clé|mion|Anopheles albimanus]]
Galar a tholgtar trí [[Fuil|fhuil]] [[duine]] a ghalrú le seadán ar leith.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.litriocht.com/product/freamh-an-eolais/?lang=en|teideal=Fréamh an Eolais|dáta=2012-01-09|language=en-US|work=Litríocht|dátarochtana=2020-04-25}}</ref> Trí gha na [[Muiscít|muiscíte]], a iompraíonn an seadán, a thógann duine an galrú. Ní chuireann an seadán isteach beag ná mór ar an bh[[feithid]] féin, agus mar sin ní dhéanann a [[Córas imdhíonachta imdhíonach|córas imdhíonach]] aon ionsaí air.
 
== Eipidéimeolaíocht ==
[[Íomhá:Anopheles albimanus mosquito.jpg|clé|mion|Anopheles albimanus]]Maraítear 1-3 milliún duine gach bliain, 90% díobh san [[An Afraic|Afraic]] fho-[[An Sahára|Shahára]]<nowiki/>ch: [[Leanbh|páistí]] iad a bhformhór, ar an mórgóir sna [[Trópaicí|tíortha trópaiceacha]].<ref>{{cite journal|author=Snow RW, Guerra CA, Noor AM, Myint HY, Hay SI|title=The global distribution of clinical episodes of Plasmodium falciparum malaria|journal=Nature|volume=434|issue=7030|pages=214–7|year=2005|pmid=15759000|doi=10.1038/nature03342}}</ref>
 
Ach le firinne, is fadhb [[An Domhan|dhomhanda]] í, mar is iomaí cuairteoir ar thír the a fhilleann ar a thír dhúchais is é ionfhabhtaithe ag an seadán a bhíonn ciontach as an maláire. Sa [[An Bhreatain|Bhreatain]], mar shampla, tarlaíonn 2,000 cás den ghalar seo gach bliain agus bíonn sé ina thrúig bháis do dháréag astu sin.
 
Ceiliúrtar an Lá Domhanda in aghaidh na Maláire ar 25 Aibreán gach bliain.
 
Déanann cuairteoirí ar thíortha teo an-chuid rudaí chun na [[Muiscít|muiscítí]] a choimeád amach uathu, ag baint feidhm as sprae éarthach, feithicídí, [[eangach]] muiscíte istoíche, Ach is rídheacair a ngathanna a sheachaint. [[Fiabhras]] marfach na dtrópaicí ab ea í riamh.
 
== An galar ==
Line 7 ⟶ 17:
[[Íomhá:Malaria geographic distribution.png|mion]]
Tá cúig speiceas Plasmodium ann a chúisíonn an mhaláire sa duine daonna: is é ''[[Plasmodium falciparum]]'' an ceann is marfaí. Is annamh a mharaíonn ''[[Plasmodium vivax]]'', ''[[Plasmodium ovale]]'' agus ''[[Plasmodium malariae]]'' an duine. [[Zónóis]] is ea ''[[Plasmodium knowlesi]]'', is é sin, galar ar féidir leis an duine é a tholgadh ó ainmhí, [[macaque]] i gcás ''P. knowlesi''.<ref>{{cite journal |author=Fong YL, Cadigan FC, Coatney GR |title=A presumptive case of naturally occurring Plasmodium knowlesi malaria in man in Malaysia |journal=Trans. R. Soc. Trop. Med. Hyg. |volume=65 |issue=6 |pages=839–40 |year=1971 |pmid=5003320 |doi= 10.1016/0035-9203(71)90103-9|url=}}</ref><ref>{{cite journal |author=Singh B, Kim Sung L, Matusop A, ''et al.'' |title=A large focus of naturally acquired Plasmodium knowlesi infections in human beings |journal=Lancet |volume=363 |issue=9414 |pages=1017–24 |year=2004 |month=March |pmid=15051281 |doi=10.1016/S0140-6736(04)15836-4 |url=http://linkinghub.elsevier.com/retrieve/pii/S0140673604158364}}</ref>
 
== Leigheas ==
Níl aon leigheas uirthi: ní féidir ach na siomtóim a mhaolú agus na seadáin sa cholainn a choimeád faoi smacht leis na córacha leighis atá ar fáil. Le fada bhíodh dhá uirlis ann chun an mhaláire a chloí: an [[Feithidicíd|fheithidicíd]] [[DDT]] a chraobhscaoi!eadh ar fud na dúiche chun na muiscítí a mharú, agus an druga [[Clóracuín|clórachuineon]] mar cóir leighis ar dhaoine galraithe. Cheap daoine sna 1960idí go raibh an lámh in uachtar faighte ar an maláire, ach tá cineálacha muiscítí tagtha chun cinn le tamall atá imdhíonach ar DDT, agus iad go flúirseach san Afraic anois.
Níl aon vacsaín a d'fheidhmeodh i gcoinne na maláire, agus tá sí ag dul i dtreise arís san Afraic, ag bagairt tubaiste ar na daoine ansin. Anois, áfach, tá dóchas ag na [[taighde]]<nowiki/>oirí gur féidir an [[innealtóireacht]] [[Géinitic daonra|ghéiniteach]] a úsáid chun a fhadhb a réiteach thar am. Scéim mar seo atá á cur i ngníomh ag an [[Eagraíocht Dhomhanda Sláinte]]. Is féidir géin nua ó fheithid eile a chur isteach sa [[Muiscít|mhuiscít]] agus é ina [[ubhán]] toirchithe. Nuair a fhásann an t-ubhán sin sa mhuiscít, is feithid [[Trasghéineach|thrasghéineach]] í le pé airí a thugann an ghéin nua. Más airí í seo a spreagann córas imdhíonach na muiscíte chun dul i ngleic le seadán na maláire, déanfaidh an mhuiscít féin pé seadáin a bhíonn á n-iompar aici a dhíothú. Níl toradh fós ar an scéim seo.
[[Íomhá:Symptoms of Malaria.svg|clé|mion]]