An difríocht idir athruithe ar: "Réabhlóid na Fraince"
Content deleted Content added
m corr using AWB |
|||
Líne 37:
Idir an dá linn, bhí na huaisle a theith (''les émigrés'') ag fadú faoin achrann lastall de na teorainneacha agus ag gríosú rialtais eile chun troda. Os a choinne sin, bhí fonn ar na Seacaibínigh (''les Jacobins''), an bhaicle a bhí i réim ag an am i bPáras, an Réabhlóid a scaipeadh tríd an Eoraip. Ar 20 Aibreán 1792, d’fhógair an Fhrainc cogadh ar Impire na hOstaire, agus chuaigh [[an Phrúis]] leis [[an Ostair]]. Ar an droch-uair, bhí an t-arm Francach ar mhí-eagar ar fad toisc gur imigh an oiread sin oifigeach uasal, rug a d’fhág lag roimh na reisimintí tréanacha Prúiseacha é. Ghabh an namhaid daingean i ndiaidh daingin, agus tháinig líonrith ar na daoine, rud a spreag iad chun neart daoine a mharú i bpríosúin Pháras le teann eagla roimh fhrithréabhlóidithe. Ní raibh de dhánacht sna húdaráis an marú a chosc, agus chuir sé cor nua sa Réabhlóid.
[[File:Women's_March_on_Versailles01.jpg|link=https://en.wikipedia.org/wiki/File:Women's_March_on_Versailles01.jpg|mion|Women's March, Versailles, 5 DF 1789]]
Ar 21 Meán
Is beag nár bhain na teachtaí go léir leis an meánaicme, ach bhí dhá bhaicle ar leith ann. Bhí na Girondins ann agus gan muinín acu as pobal Pháras; bhí na Montagnards (“lucht an tSléibhe”) ann freisin agus breis tuisceana acu ar chás na ndaoine. (Bhí siadsan ina suí ar shuíocháin níos airde sa Chomhdháil, agus as sin a baisteadh iad Bhí na Montagnards sásta dul i bpáirt an phobail agus na bPoblachtach radaiceach (''les san-culottes'') go háirithe, agus dul go bun an angair chun an Phoblacht a shábháil. Ar na ceannairí bhí [[Maximilien Marie Isidore de Robespierre|Robespierre]], [[Georges Jacques Danton|Danton]], [[Jean-Paul Marat|Marat]] agus [[Louis Antoine Léon de Saint-Just|Saint-Just]]. [[File:Federation.jpg|link=https://en.wikipedia.org/wiki/File:Federation.jpg|clé|mion|''[[:en:Fête_de_la_Fédération|Fête de la Fédération]]'' nó monarcacht bhunreachtúil 14 Iúil 1790]]
Ar 20 Samhain 1792 rug na Francaigh bua gan choinne ar na Prúisigh; d’fhág siad siúd agus na hOstairigh an Fhrainc, agus imní orthu anois faoi chúrsaí sa Pholainn. Ghabh na Francaigh an Ísiltír Ostaireach, agus fuair a n-airm greim ar bhruach clé na Réine.
|