An difríocht idir athruithe ar: "Fionán Mac Cártha"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
File agus múinteoir ba ea '''Fionán Mac Cártha''' (1886–1953). Chaith sé na blianta fada s[[an Astráil]], tréimhse a spreag é chun ''Amhráin ó Dheireadh an Domhain'' a scríobh, agus san Astráil a cuireadhfuair ésé bás.
 
Rugadh é mar William Carty do Michael Carty, feirmeoir, agus dá bhean Maria Taylor, láimh le Bealach an Doirín i g[[Contae Ros Comáin]]. Ba eisean an dara duine clainne. Bhí triúr deifiúracha aige agus beirt deartháireacha, agus is léir ó dhaonáirimh 1901 agus 1911 go raibh Gaeilge ag an athair agus ag cuid den chlann.
Líne 7:
Ba bhreá leis litríocht an Bhéarla, ach bhí athbheochan na Gaeilge ar siúl agus é ar scoil, agus chuir sé roimhe an teanga sin a fhoghlaim, rud a rinne sé go seoigh. Théadh sé amach ag caint le seandaoine an cheantair. Sula ndeachaigh sé ag obair mar mhúinteoir gairmiúil bhí sé ina mhúinteoir taistil ag [[Conradh na Gaeilge]]. Scríobh sé dán in 1906 ag fáiltiú roimh [[Dubhghlas de hÍde|Dhubhghlas de hÍde]], a bhí tar éis na Stáit a shiúl ag bailiú airgid ar son Chonradh na Gaeilge. Bhain sé a bhuaic amach mar fhile phoiblí nuair a chum sé Óid an Oireachtais in 1907.
 
InIs dócha gur in 1918 a bhain sé Queensland amach, is dócha. In 1924 phós sé Margaret O’Reilly, múinteoir Astrálach arbh as [[Contae an Chabháin]] dá muintir. Idir 1924 agus 1932 bhí sé ag múineadh in Charleville, Goondawindi agus Dalby. Ag múineadh in Amby a bhí sé nuair a chuaigh sé i gceann ''Amhráin ó Dheireadh an Domhain''. Bhí an tsláinte go dona aige ó 1949 amach agus fuair sé bás ar an 5 Lúnasa 1953.
 
In 1953 a d’fhoilsigh [[an Gúm]] a chnuasach. Rinne [[Máire Mhac an tSaoi]] léimheas air ar Feasta, Meán Fómhair 1954. Mhol sí an ‘raidhse Gaeilge’ a bhí ann, ach dúirt sí nár fhág na blianta a chaith an file san Astráil aon rian ar a shaothar. Ba é seo a breith ar na dánta: ‘Tá siad ceolmhar, aerach, gleoite agus seasc’.<ref>Luaite in Ainm.ie: Mac Cártha, Fionán (1886–1953): https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=439.</ref>