An difríocht idir athruithe ar: "Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 64:
 
== Eacnamaíocht ==
Úsáidtear an [[punt steirling]] mar [[airgeadra]] sa Ríocht Aontaithe. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón [[Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta|gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta]], is é geilleagar na RíochtRíochta Aontaithe an 9ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre ([[Olltáirgeacht intíre|OTI]]) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 5ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 28ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Ríocht Aontaithe, é ar $43,620 don chónaitheach.
 
De réir ''Innéacs Forbartha Daonna, Socraithe don Éagothroime, 2019'' na [[Na Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]] ([[:en:Human_Development_Index#Inequality-adjusted_HDI|en]]), innéacs a dhéanann iarracht an caighdeán maireachtála a thomhas i ngach tír de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an 15ú tír is forbartha ar domhan í an Ríocht Aontaithe, as 150 tír a tomhaiseadh.<ref>{{Lua idirlín|url=http://hdr.undp.org/sites/default/files/hdr_2019_overview_-_english.pdf|teideal=Human Development Report 2019 - Overview|údar=Náisiúin Aontaithe|dáta=2019|language=Béarla|dátarochtana=15-03-2020}}</ref> Dá mbeadh an Ríocht Aontaithe ina ballstát san [[An tAontas Eorpach|Aontas Eorpach]], chuirfeadh sé sin í mar an 10ú tír is forbartha san eagraíocht sin. I ''dTuarascáil Sonais Domhanda'' ''2018'' na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Ríocht Aontaithe an 19ú tír is sona, as 156 thír.