An difríocht idir athruithe ar: "Dímheáchan"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Laghdú dealraitheach sa domhantarraingt taobh istigh de spásárthach atá i bhfithis os cionn an Domhain, nó árthach atá ag saorthitim. Cuire...'
 
cumasctha
Líne 1:
Laghdú dealraitheach sa domhantarraingt taobh istigh de [[spásárthach]] atá i bhfithis os cionn [[An Domhan|an Domhain]], nó árthach atá ag [[saorthitim]]. Cuireann an laghdú meáchain, is an easpa cinnteachta ar cá bhfuil an treo síos nó suas, isteach go mór ar [[Fiseolaíocht|fhiseolaíocht]] na spásairí agus a gcumas obair is turgnaimh a dhéanamh. Go minic faigheann siad [[tinneas taistil]]. Má chaitheann [[spásaire]] fad mór ama sa staid seo, tagann a mhatáin le bheith lag, ceal teannais, agus idirleathann an-chuid [[cailciam]] amach óna [[Cnámh|chnámha]], á ndéanamh bog sobhriste.

Tá an-[[taighde]] ar siúl, go mór mór ar an [[tointeálaí spáis]], ar na saghsanna [[turgnamh]] is próiseas is féidir a dhéanamh sa staid gan [[Meáchan|mheáchan]], féachaint an féidir tionsclaíochtaí nua a bhunú air seo. Ag tosú ó smaoineamh ar an staid gan mheáchan nó dul i léig na domhantarraingthe, shaothraigh [[Albert Einstein|Einstein]] [[Teoiric choibhneasachta Einstein|teoiric na coibhneasachta ginearálta]] i [[1916]].
 
{{Fréamh an Eolais}}