An difríocht idir athruithe ar: "Seán de Fréine"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
Is scríbhneoir Bleá Cliathach é '''Seán de Fréine'''. Udar é ar na bunsaothair thábhachtacha ''Saoirse gan Só'' agus ''The Great Silence''. Ba chomhúdar é (i gcomhpháirt le [[Jim O'Donnell]], An Foras Riaracháin) ar ''Ciste Cúrsaí Reatha'', ina bpléitear réimse leathan ábhar a bhaineann le saol an lae inniu. Leagan Gaeilge de ''Wordgloss: A Cultural Lexico'' le Jim O'Donnell atá ann. D'oibrigh sé mar ard-státseirbhíseach sa [[Roinn Airgeadais]] agus roimhe sin i ranna
Tá dhá eagrán dá leabhar ''Croí Cine'' foilsithe ag [[Cló Iar-Chonnacht]]. Tá an t-eagrán is déanaí níos mó agus níos cuimsithí ná an chéad eagrán a foilsíodh i 1990. Is cnuasach é de na céadta sleachta gairide as litríocht na Gaeilge - samplaí de smaointe, den fhilíocht, de nathanna, agus de rudaí inspéise - a cumadh ó cuireadh peann Éireannach le pár i gcéaduair sa séú céad. Pléitear ceisteanna iontu: mar shampla, meon an phobail sa saol Gaelach i leith na cléire, ról na gcineálacha éagsúla amhrán mar ábhar meanma agus misnigh i measc aicmí éagsúla den phobal, an náisiúntacht vs an náisiúnachas, tábhacht agus todhchaí na Gaeltachta, na trí mhórchúis a thug cúlú na Gaeilge sa naoú céad déag. Tá innéacs nua cuimsitheach ginearálta leis an eagrán seo.
|