An difríocht idir athruithe ar: "Gnóiseachas"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is éard atá i gceist leis an n'''Gnóiseachas''' ná córas diamhair smaointeachais a bhí coitianta i measc seicteanna Críostaí nó Giúdacha i dtús na chéad mh...'
 
Ag athdhíriú go Gnóisíochas
chlib amháin: New redirect
 
Líne 1:
#REDIRECT[[Gnóisíochas]]
Is éard atá i gceist leis an n'''Gnóiseachas''' ná córas diamhair smaointeachais a bhí coitianta i measc seicteanna Críostaí nó Giúdacha i dtús na chéad mhílaoise AD. Go bunúsach, chuir na Gnóisithe béim ar an ngnóis, is é sin ar an eolas rúnda nach raibh teacht ag na gnáthdhaoine air - is é sin chaithfí tú a chur ar an eolas roimh aon rud. Gné thábhachtach den Ghnóiseachas ab ea an ''demiourgos'', is é sin an Domhanchruthaitheoir nárbh ionann é agus Dia: ghlac na Gnóisithe leis go raibh an domhan saolta chomh neamhfhoirfe, chomh truaillithe nárbh é aon dea-Dhia a chruthaigh é. Mar sin, ba é a dtuiscint go raibh "droch-Dhia" ann, agus gurbh é an droch-Dhia seo, an ''demiourgos'' a chruthaigh é, nó a chuir obair mhaith an dea-Dhé ó mhaith. A lán de na Gnóisithe ba é an bharúil a bhí acu gurbh ionann an Diabhal agus an ''demiourgos''.
 
De réir mar a insítear an scéal sa Chríostaíocht cheartchreidmheach, ní raibh sa Ghnóiseachas ach eiriceacht, nó is éard a deir an ceartchreidmheachas sin ná nach bhfuil de dhíth ar an duine ach soiscéal Dé agus nach bhfuil in aon chineál eolas rúnda ach seafóid, nó fiú bréag de chuid an Diabhail. Mar sin féin, ba é an tuiscint a bhí ag go leor Gnóisithe ar a gcuid smaointí féin ná go raibh baint acu leis an gCríostaíocht agus gur Críostaithe a bhí iontu féin. Sa dara haois i ndiaidh bhreith Chríost, áfach, d'fhógair na hAithreacha Eaglasta gur eiricigh a bhí sna smaointeoirí Gnóiseacha, agus mar sin chuaigh a gcuid scríbhinní trí thine. Ar feadh j bhfad ní raibh d'eolas ar na Gnóisithe ach na scríbhinní frith-Ghnóiseacha a tháinig ó pheann na nAithreacha Eaglasta ar nós Irenaeus ó Lyon agus Hipiliteas ón Róimh. Sa bhliain 1945 áfach thángthas ar "Leabharlann Nag Hammadi", bailiúchán scríbhinní Gnóiseacha nó luath-Chríostaíocha, san Éigipt, agus tharraing na téacsaí seo - "Soiscéal Thomáis" agus "Leabhar Rúnda Eoin" mar shampla - súil an lucht léinn ar an nGnóiseachas in athuair.
 
Glactar leis gurbh é tionchar an Ghiúdachais Heilléinigh agus an Phlatónachasis a thug spreagadh don Ghnóiseachas, ach bítear ag tuairimíocht, fiú, faoin Hiondúchas mar bhunfhoinse do na coincheapanna sain-Ghnóiseacha. Maidir leis an dóigh a ndeachaigh an Gnóiseachas i bhfeidhm ar na cultúir "Oirthearacha", ba iad an creideamh Manaicéach agus an creideamh Mandaech an dá chreideamh Gnóiseacha nó iar-Ghnóiseacha ba thábhachtaí. Tháinig siad ar an bhfód san Iaráin, agus creideamh beo is ea an Mandaechas sa tír sin inniu féin.