An difríocht idir athruithe ar: "Gnóisíochas"

no edit summary
 
 
De ghnáth sainmhínítear an gnóisíochas i gcomhthéacs Críostaí.<ref>Dúirt an diagaí cáiliúil Gearmánach [[Adolf von Harnack]] (1885) gurbh é dian-Heilléanú na Críostaíochta é, agus dúirt [[Wilhelm Bousset]] (1907), diagaí Gearmánach eile, gur as an bPeirs a fáisceadh é.</ref><ref>Karen L. King, ''What is Gnosticism?'' (2005): "Bousset held that Gnosticism was a pre-Christian religion, existing alongside of Christianity. It was an Oriental product, anti-Jewish and un-Hellenic... "</ref> Shíleadh scoláirí éigin go raibh an gnóisíochas ann roimh an gCríostaíochas agus go raibh prionsabail chreidimh agus nósanna spioradálta ag baint leis a d’fhág a rian ar an luath-Chríostaíocht, ar an Nua-Phlatónachas, ar an nGiúdachas Heilléanach, ar reiligiúin rundiamhaire Ghréag-Rómhánacha agus ar an [[Sóróstarachas]]. Chuir léiriú [[leabharlann Nag Hammadi]], cnuasach seanlámhscríbhinní ón Éigipt, cor nua sa scéal agus tugadh ar dhaoine athmhachnamh a dhéanamh dá bharr. Níor thángthas ar théacsanna gnóisíocha réamh-Chríostaí fós,<ref>Ag Comhdháil Idirnáisiúnta an Ghnóisíochais ag Yale i 1978 dúirt James M. Robinson, duine de phríomhscoláirí an ghnóisíochais: "At this stage we have not found any Gnostic texts that clearly antedate the origin of Christianity": luaite in Edwin Yamauchi, "Pre-Christian Gnosticism, the New Testament and Nag Hammadi in recent debate," in ''Themelios'' 10.1 (Sept 1984): 22–27.</ref> agus meastar gur sa dara haois nó ina dhiaidh sin a tháinig an gnóisíochas ar an bhfód mar chóras creidimh ar leith.<ref>Maidir leis seo luann Paul Trebilco na leabhair a leanas ina alt "Christian Communities in Western Asia Minor into the Early Second Century: Ignatius And Others As Witnesses Against Bauer" in JETS 49.1: E.M. Yamauchi, "Gnosticism and Early Christianity" in W. E. Helleman (eag.), ''Hellenization Revisited: Shaping a Christian Response Within the Greco-Roman World'', University Press of America, 1994, lch 38: Karen L. King, ''What is Gnosticism? '', Belknap Press of Harvard University Press, 2003, lch 175}}, C. Markschies, ''Gnosis: An Introduction'', T&T Clark 2003, lgh 67–69; cf. H. Koester, ''Introduction to the New Testament, Vol 2: History and Literature of Early Christianity'', Walter de Gruyter, 1982, lch 286. Féach díospóireacht freisin in M. A. Williams, ''Rethinking "Gnosticism": An Argument for Dismantling a Dubious Category'', Princeton University Press 1996, Gerd Theissen, ''A Theory of Primitive Christian Religion'', SCM Press 199, lgh 231–39}}.</ref>
 
Go bunúsach, chuir na Gnóisithe béim ar an ngnóis, is é sin ar an eolas rúnda nach raibh teacht ag na gnáthdhaoine air - is é sin chaithfí tú a chur ar an eolas roimh aon rud. Gné thábhachtach den Ghnóiseachas ab ea an ''demiourgos'', is é sin an Domhanchruthaitheoir nárbh ionann é agus Dia: ghlac na Gnóisithe leis go raibh an domhan saolta chomh neamhfhoirfe, chomh truaillithe nárbh é aon dea-Dhia a chruthaigh é. Mar sin, ba é a dtuiscint go raibh "droch-Dhia" ann, agus gurbh é an droch-Dhia seo, an ''demiourgos'' a chruthaigh é, nó a chuir obair mhaith an dea-Dhé ó mhaith. A lán de na Gnóisithe ba é an bharúil a bhí acu gurbh ionann an Diabhal agus an ''demiourgos''.
 
De réir mar a insítear an scéal sa Chríostaíocht cheartchreidmheach, ní raibh sa Ghnóiseachas ach eiriceacht, nó is éard a deir an ceartchreidmheachas sin ná nach bhfuil de dhíth ar an duine ach soiscéal Dé agus nach bhfuil in aon chineál eolas rúnda ach seafóid, nó fiú bréag de chuid an Diabhail. Mar sin féin, ba é an tuiscint a bhí ag go leor Gnóisithe ar a gcuid smaointí féin ná go raibh baint acu leis an gCríostaíocht agus gur Críostaithe a bhí iontu féin. Sa dara haois i ndiaidh bhreith Chríost, áfach, d'fhógair na hAithreacha Eaglasta gur eiricigh a bhí sna smaointeoirí Gnóiseacha, agus mar sin chuaigh a gcuid scríbhinní trí thine. Ar feadh j bhfad ní raibh d'eolas ar na Gnóisithe ach na scríbhinní frith-Ghnóiseacha a tháinig ó pheann na nAithreacha Eaglasta ar nós Irenaeus ó Lyon agus Hipiliteas ón Róimh. Sa bhliain 1945 áfach thángthas ar "Leabharlann Nag Hammadi", bailiúchán scríbhinní Gnóiseacha nó luath-Chríostaíocha, san Éigipt, agus tharraing na téacsaí seo - "Soiscéal Thomáis" agus "Leabhar Rúnda Eoin" mar shampla - súil an lucht léinn ar an nGnóiseachas in athuair.
 
Glactar leis gurbh é tionchar an Ghiúdachais Heilléinigh agus an Phlatónachasis a thug spreagadh don Ghnóiseachas, ach bítear ag tuairimíocht, fiú, faoin Hiondúchas mar bhunfhoinse do na coincheapanna sain-Ghnóiseacha. Maidir leis an dóigh a ndeachaigh an Gnóiseachas i bhfeidhm ar na cultúir "Oirthearacha", ba iad an creideamh Manaicéach agus an creideamh Mandaech an dá chreideamh Gnóiseacha nó iar-Ghnóiseacha ba thábhachtaí. Tháinig siad ar an bhfód san Iaráin, agus creideamh beo is ea an Mandaechas sa tír sin inniu féin.
 
 
==Nótaí==