An difríocht idir athruithe ar: "Filíocht shiollach na Gaeilge"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Leathanach cruthaithe le 'Thosaigh '''filíocht shiollach na Gaeilge''' (a dtugtaí '''Dán díreach''' (1200-1600) uirthi níos déanaí) i mainistreacha na hÉireann san 8ú haois. Le himeacht...'
 
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 30:
Lean ar na filí gairmiúla ag moladh laochra, ach tharraing siad chucu na meadrachtaí nua casta a bhí ceaptha ag na manaigh.<ref name=”Celtic”/>
 
Moladh agus marbhna is mó ab ábhar don fhilíocht thuata. Tá roinnt bheag dánta pearsanta nó aoracha ann. Maítear go mb’fhéidir gurbh iarsma den phágánachas an dán molta, sa mhéid go síleadh go bhfágfadh sé rath ar phátrún an fhile. Bhí an file ina oifigeach cúirte agus agus meas ar a cheird dá réir, agus bheadhbhíodh súil aige le cúiteamh maith. Fáisceadh filí as muintireacha áirithe agus bhí pátrún áirithe ag gach file, rud nach mbacfadh air cuairt a thabhairt ar thiarnaí eile.<ref name=”Traid”>Williams, J.E. Caerwyn & Ní Mhuiríosa, Máirín. ''Traidisiún Liteartha na nGael''. An Clóchomhar Tta, 1979: lgh 152-162.</ref>
 
Scríobhtaí dánta ag moladh banuaisle freisin, agus chuirfí síos ar a nginealach, a n-áilleacht, a bhféile agus a nduáilcí eile.<ref>Williams & Ní Mhuiríosa, op. cit., lgh 191-194.</ref>
Líne 38:
Bhain na filí feidhm as canúint liteartha a muíneadh sna scoileanna, is dócha, ón gcéad chuid den 13ú haois agus a mhair gan athrú anuas go dtí an 17ú haois, beag beann ar pé athrú a tháinig ar chaint na ndaoine. Bhí lámhleabhair ann chuige a cumadh, b’fhéidir, sa 15ú haois agus samplaí iontu de shaothair na seanmháistrí.<ref name=”Traid”/>
 
Nuair a cumadh dán, d’aithrisfeadh ''reacaire'' é os comhair an phátrúin amach agus agus cláirseoir á thionlacan. Bhailítí dánta dá leithéid i “leabhair” agus tá roinnt acu sin ar marthain. Síleadh go raibh gá le filíocht chun clú mhuintiremhuintir an phátrúin a chosaint agus a chothú.
 
::''Dá mbáidhthí an dán, a dhaoine'',<br>