An difríocht idir athruithe ar: "Cruinne"
Content deleted Content added
m Removing Link FA template (handled by wikidata) |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Expansion de l'univers 2.gif|mion|an chruinne ag forleathnú ]]
Ár [[An Domhan|ndomhan]], chomh maith leis an [[An Grianchóras|nGrianchóras]], na [[Réalta|réaltaí]] is na [[Réaltra|réaltraí]] go léir, is ea an '''chruinne'''<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.tearma.ie/q/cruinne/ga/|teideal="cruinne"|work=téarma.ie|dátarochtana=2020-05-20}}</ref> (tugtar '''an cosmos''' nó '''an mhórchruinne''' freisin uirthi). Taobh istigh den [[An Grianchóras|ghrianchóras]], tá ár réalta, ar a dtugtar an [[An Ghrian|ghrian]], 8 [[Pláinéad|bpláinéad]]-ina measc an domhan seo againne, na gealacha a théann mórthimpeall na bpláinéad, na h[[Astaróideach|astaróid]]<nowiki/>igh is na [[Cóiméad|cóiméid]].<ref>{{Luaigh foilseachán|author=Hussey, Matt|date=2011|url=|title=Fréamh an Eolais|journal=|volume=|issue=}}</ref> Is ball den réaltra ar a dtugtar [[Bealach na Bó Finne]] an grianchóras, agus go ginearálta is cnuasach de réaltaí atá i ngach réaltra.
Chruthaigh an [[Ollphléasc]] an chruinne 13.7 billiún bliain ó shin, dar le teoiric na hollphléisce. Tá teoiricí éagsúla ag teacht chun tosaigh, ina mholann fisiceoirí nach bhfuil ár gCruinne uathúil ach go bhfuil sí ina ceann amháin i measc go leor eile.▼
== Stair ==
Is í samhail chaighdeánach na cruinne ná go bhfuil sí ag forleathnú, agus reanna na cruinne ag druidim amach óna chéile. Samhlaítear gur thosaigh an leathnú ó phoncstaid fhíordhlúth de dhamhna uile na cruinne leis an [[Ollphléasc]].
Tugann [[Ollphléasc|teoiric na hOllphléisce]] míniú ar bhunús agus ar fhorbairt na cruinne. Ba é an [[réalteolaí]] [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Meiriceánach]] [[Edwin Hubble]] a chruthaigh sa bhliain 1929 go bhfuil an chruinne ag forleathnú. De réir a theoirice siúd, agus ó thomhas an deargaistrithe i gcásanna éagsúla reann [[Neamh|neimhe]] is fad na reann céanna ón domhan, ríomhtar 10,000-20,000 milliún bliain mar aois na cruinne.
Creidtear go bhfuil trastomhas de 93 billiún [[solasbhliain]] ag an gcruinne ar a bheag.<ref>{{Luaigh foilseachán|title=Observable universe|url=https://en.wikipedia.org/w/index.php?title=Observable_universe&oldid=957367458|journal=Wikipedia|date=2020-05-18|language=en}}</ref>
▲
== Todhchaí ==
[[Íomhá:Expansion of the Universe - distance measures problem.gif|clé|mion|an chruinne ag forleathnú go deo ?]]
Níl na réalteolaithe ar aon aigne faoi thodhchaí na cruinne. Tá moladh amháin a deir go leanfaidh sí ag forleathnú go deo, cruinne oscailte. Tá moladh eile a shamhlaíonn an chruinne iata, ionas go dtiocfaidh an forleathnú chun deiridh am éigin amach anseo agus go gcrapfaidh sí ar ais chuig an bponcstaid bhunúsach le hollchnagadh tar éis 50,000- 60,000 milliún bliain. De réir a chéile, is troime an fhianaise i bhfábhar na cruinne oscailte.
== Féach freisin ==
* [[Ollphléasc|Ollpheasc]]
== Tagairtí ==
{{reflist}}
[[Catagóir:Timpeallachtaí]]
[[Catagóir:An Chruinne| An Chruinne]]
|