An difríocht idir athruithe ar: "Nua-Gheirsí"

Content deleted Content added
m Bhog Kwekubo an leathanach New Jersey go Nua-Gheirsí
Nua-Gheirsí
Líne 35:
|suíomh_greasáin=www.nj.gov
}}
Stát in oirthuaisceart [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] (S.A.M.) é '''Nua-Gheirsí''' ([[Béarla]]: '''New Jersey'''), a bhfuil meastachán daonra 9,005,644 ann de réir an [[Daonáireamh|Daonáirimh]] [[2017]]. Tá [[Abhainn Hudson|abhainn an Hudson]] agus [[Cuan Nua-Eabhrac]] mar theorainn dó ar an taobh thoir, agus [[Abhainn Delaware|abhainn an Delaware]] mar theorainn ar an taobh thiar. New JerseyNua-Gheirsí an stát is dlúithe daonra sa tír agus 462 duine sa chiliméadar cearnach. Tá 17,404.6 duine sa mhíle cearnach in [[Paterson, New Jersey|Paterson]], an dara cathair sna Stáit Aontaithe ó thaobh dlús daonra de.
 
Is é "The Garden State" ("Stát an Ghairdín") leasainm New JerseyNua-Gheirsí. Is é [[Chris Christie]], ball den [[Páirtí Poblachtach (Stáit Aontaithe)|Pháirtí Poblachtach]], an [[gobharnóir]]. Úsáidtear an giorrúchán '''NJ''' don phost.
 
I measc na mórchathracha sa stát tá [[Newark]], [[Jersey City, New Jersey|Jersey City]], [[Elizabeth, New Jersey|Elizabeth]], Paterson, Camden, [[Atlantic City, New Jersey|Atlantic City]], [[Hoboken, New Jersey|Hoboken]] agus [[Passaic, New Jersey|Passaic]]. Is é [[Trenton, New Jersey|Trenton]] an phríomhchathair.
Líne 44:
 
Is ann atá an clár teilifíse cáiliúil [[The Sopranos]] bunaithe.
[[Íomhá:9.3.07GardenStatePlazaMallbyLuigiNovi.JPG|mion|clé|Tógadh dhá cheann de na siopalanna (nó "mealanna siopadóireachta") ba thúisce i Meiriceá in [[Paramus, New Jersey|Paramus]], i dtuaisceart New JerseyNua-Gheirsí, sna 1950idí.]]
 
==Tíreolaíocht==
{{féach freisin|Tíreolaíocht New JerseyNua-Gheirsí}}
New JerseyNua-Gheirsí suite in oirthear [[Meiriceá Thuaidh|Mheiriceá Thuaidh]] ar an gcósta thoir láir. Tá sé ag críochántacht le [[Nua-Eabhrac (cathair)|Cathair Nua-Eabhrac]] san oirthuaisceart, le Stát [[Nua-Eabhrac (stát)|Nua-Eabhrac]] sa tuaisceart, agus le [[Pennsylvania]] agus le [[Delaware]] san iarthar. Tá Bá Delaware sa deisceart. Tá New JerseyNua-Gheirsí roinnte ina cheithre réigiún ó thaobh na geograife fisiciúla de.<ref>"New Jersey" ''WorldBook Encyclopedia'', iml. 14, 2014</ref> Is é Máchaire an Chósta Atlantaigh an réigiún is mó. Síníonn sé siar ón aigéan go dtí an Abhainn Delaware agus ó thuaidh ó Bhá Delaware go dtí líne idir Contae Mercer san iarthar go béal na Raritan san oirthear. Tá foraoisí péine (na ''Pine Barrens''), riascanna sáile agus feirmeacha glasraí agus torthaí ann, chomh maith le bailte saoire feadh an chósta. Níl dlús mór daonra ann sa chuid is mó den réigiún.
 
An dara réigiún is mó (agus an chéad réigiún eile, ag dul ó thuaidh) is ea an [[Piedmont]] ([[Fraincis}}: "cos na sléibhte"). Tá an Piedmont ina chrios, timpeall 20 míle ar fad, a théann ó [[Alabama]] soir ó thuaidh go [[Nua-Eabhrac (stát)|Nua-Eabhrac]]. De bharr an n-aibhneacha agus na n-easaanna a thug fuinneamh don tionsclaíocht san am atá thart, agus de bharr a chóngaraí agus atá sé do chathair Nua-Eabhrac, cónaíonn isteach is amach le 60% de dhaonra NewNua-Gheirsí Jerseyi sa PiedmontbPiedmont.
[[Íomhá:Cranberrys beim Ernten.jpeg|mion|clé|[[Mónóg]]a á gcruinniú i ndiaidh a mbainte i ndeisceart New JerseyNua-Gheirsí]]
 
Ag dul siar ó thuaidh ón Piedmont bhuailfeá le hArdtalamh Shasana Nua nó na Tailte Arda mar a thugtar orthu níos minice. Crios comhthreomhar leis an Piedmont atá ann ach é leath chomh leathan, suas le 10 míle slí ar fad. Sa chúinne den stát san iarthuaisceart tá an ceathrú réigiún, mar atá an Droim agus Gleann Mór Apaláiseach. Ní ach cuid bheag den Ghleann Mór é seo: dála [[na Sléibhte Apaláiseacha]] féin, síníonn sé trí chuid mhaith d'oirthear na Stát Aontaithe. Na Sléibhte Kittatinny a thugtar ar na sléibhte i dtuaisceart an réigiúin seo. Tá [[sceall]] agus [[aolchloch]] coitianta ann.
===Contaetha ini New JerseyNua-Gheirsí===
{{féach freisin|Contaetha in New Jersey}}
• [[Contae Atlantic, New Jersey|Atlantic]]
Líne 79:
 
==Stair==
Tá cónaí ar dhaoine i New JerseyNua-Gheirsí le 10,000 bliain nó níos mó. Ag an am ar tháinig na chéad Eorpaigh go dtí an áit, bhí drong ann le fada a thug siad [[Lenape|Lenni-Lenape]] (''na chéad daoine'') orthu féin. Bhí oirthear Mheiriceá Thuaidh ar réigiúin an domhain inar forbraíodh an [[talmhaíocht]], cé gur éiriodh as cuid de na barra, leithéid an lus coise gé, nuair a tháinig saothrú na "dtrí dheirfiúracha" ([[arbhar Indiach]], [[Pónaire|pónairí]] agus [[Puimcín|puimpcíní]]) aneas ó [[Meicsiceo|Mheicsiceo]] chucu. Chleacht na hIndiaigh an t[[sealgaireacht]] freisin. Bhí na Lenape roinnte ina dtrí mhórfhine ar a thugtaí Turtar, Turcaí agus Mac Tíre. Bhí Fine an Turtair lonnaithe i dtuaisceart New JerseyNua-Gheirsí. Sochaí máthairlíneach a bhí acu.
[[Íomhá:Lenape Languages.png|mion|250px|Dáileadh chanúintí na teanga Lenape]]
 
Is dócha gur [[Giovanni da Verrazanno]], maraí i seirbhís na [[An Fhrainc|Fraince]], an chéad Eorpach a thaiscéal cósta [[Aigéan Atlantach|Atlantach]] New JerseyNua-Gheirsí. Thaiscéal [[Henry Hudson]], Sasanach i seirbhís na h[[An Ísiltír|Ísiltíre]], an cósta níos faide ó thuaidh, timpeall Bhá Sandy Hook agus suas an abhainn Hudson. Chuaigh Cornelius Mey suas an Abhainn Delaware sa bhliain 1614 agus é ag taiscéaladh ar son na hÍsiltíre chomh maith.
 
Trádáil fhionnaidh an bealach ba mhó a bhí teagmháil idir na Lenape agus na hOllannaigh ar dtús. Ollannach darbh ainm Pauw a chéad chuir síos i New JerseyNua-Gheirsí, trasna na hAbhann Thuaidh (.i. an Hudson inniu) ó Nua-Amstardam, ar an roinn theas den oileán [[Manhattan]]. Cheannaigh sé an talamh ó na hIndiaigh. B'ait leo siúd úinéireacht talaimh ach bhí sé mar riail ag [[Comhlacht Dúitseach na hIndia Thoir]] gur ghá le lonnaitheoirí sna limistéir a bhí faoi smacht an chomhlachta a gcuid talamh a cheannach. Pavonia a baisteadh ar thailte Pauw. Bhí Pavonia agus na lonnachtaí Ollannacha eile a tháinig ina dhiaidh i New JerseyNua-Gheirsí faoi riail Nua-Amstardam mar chuid den Nua-Ísiltír (Nieuw-Nederland). Sa bhliain 1638 cuireadh coilíneacht [[An tSualainn|Shualannach]] ar bun san áit a bhfuil [[Wilmington, Delaware|Wilmington]], Delaware anois. De réir mar a d'fhás an choilíneacht sin (an Nua-Shualainn, nó Nye Sverige), lonnaigh cuid de na coilínigh Shualannacha agus Fhionlannacha ar an taobh eile den Abhainn Delaware, i ndeisceart New JerseyNua-Gheirsí. Faoi stiúradh Peter Miniut a chruthaigh an Nua-Shualainn, Vallúnach a bhí ina stiúrthóir ar an Nua-Ísiltír roimhe sin (1626–1631). Thóg na Ollannaigh seilbh ar an gcoilíneacht Shualannach ní ba dhéanaí agus ar 24 Meitheamh 1664 thóg cabhlach faoi stiúradh an Choirnéil Richard Nicolls seilbh ar an Nua-Ísiltír in ainm rí na Breataine Móire.
[[Íomhá:Delaware Water Gap from I 80.jpg|mion|clé|Dobharbhearna an Delaware idir New JerseyNua-Gheirsí (ar dheis) agus Pennsylvania (ar clé)]]
 
Thug an Rí [[Séamas II Shasana|Séamas II]] an talamh ar fad idir na haibhneacha Hudson agus Delaware (.i. New JerseyNua-Gheirsí) do bheirt chairde a sheas leis an Teaghlach Ríoga le linn [[Cogadh Cathartha Shasana|Chogadh Cathartha Shasana]], mar atá, Sir George Carteret agus agus an Tiarna Berkeley of Stratton. Ainmníodh an áit Cúige New JerseyNua-Gheirsí in onóir an oileán [[Geirsí|Gheirsí]], a thug tearmann don Rí [[Séarlas II Shasana|Séarlas II]] sa chogadh (agus arbh í an áit inar rugadh Carteret). Sa bhliain 1673 dhíol Berkeley a chuid féin den choilíneacht le baill de [[Cumann na gCarad|Chumainn na gCarad]] agus d'fhág sin New JerseyNua-Gheirsí roinnte ina dhá leath, Jersey Thoir agus Jersey Thiar. Maireann cuid den teorainn idir an dá leath mar theorainneacha contae inniu.
[[Íomhá:Wpdms east west new jersey.png|mion|New JerseyNua-Gheirsí Thoir agus Thiar]]
 
New JerseyNua-Gheirsí an t-aon choilíneacht Bhriotanach i Meiriceá arbh iad daoine as coilíneachtaí eile, agus ní as an Eoraip, tromlach na lonnaitheoirí den chine gheal. Lean lonnaíochtaí na nOllannacha ag fás in oirthuaisceart an stáit faoi na Sasanaigh. Bhí páirt mhór ag Eaglais Leasaithe na hOllainne iontu. Tháinig Preisbitéirigh Albanacha go New JerseyNua-Gheirsí san tréimhse sin freisin ach ba dhaoine as Nua-Eabhrac agus as Sasana Nua a chuir fúthu ansin sa chuid ba mhó, go háirithe Comhthionólaithe as Sasana Nua. Aithníodh saoirse creidimh sa dá leath den choilíneacht. Cuireadh an chéad tearmann Indiach sna Stáit Aontaithe ar bun in Indian Mills, i lár dheisceart New JerseyNua-Gheirsí, sa bhliain 1758, ach thug formhór na Lenape a aghaidh ar áiteanna níos faide siar nó fuair siad tearmann as a stuaim féin sna cnoic agus sléibhte. Ghlac siadsan le sclábhaithe agus daoine eile a bhí ag éalú an dlí.
 
Mhair an scoilt thoir-thiar chomh fada agus mhair an dílseánacht nó úinéireacht phríobháideach (1674–1702) sa choilíneacht. Sa bhliain [[1702]] d'athaontaigh na Briotanaigh New JerseyNua-Gheirsí mar choilíneacht ríoga seachas seachas mar choilíneacht dhílseánach. Sna blianta [[1708]]–[[1738]], áfach, bhí New JerseyNua-Gheirsí faoi riail Nua-Eabhrac. Bhí muintir New JerseyNua-Gheirsí go mór ina choinne sin agus sa bhliain 1738 cheap an Rí an Breitheamh Lewis Morris mar ghobharnóir ar an gcoilíneacht.
 
I mí Iúil, [[1776]], chuir ionadaithe New JerseyNua-Gheirsí a n-ainm le Forógra an Neamhspleáchais. Fearadh cuid mhaith den chogadh a bhris amach dá bharr sin i New JerseyNua-Gheirsí. Bhí ceannáras an airm faoi [[George Washington|Washington]] in New JerseyNua-Gheirsí ar feadh dhá gheimhreadh. Bhí Cathanna Trenton, Monmouth agus Princeton ar na cathanna móra a bualadh in New JerseyNua-Gheirsí sa Réabhlóid Mheiriceánach. Bhí ról sách tábhachtach ag New JerseyNua-Gheirsí lasmuigh de pháirc an áir freisin. Faoi cheannas William Paterson chuidigh an stát le comhréitiú a dhéanamh idir na stáit mhóra agus na cinn bheaga.
[[Íomhá:First drive-in theater Camden NJ 1933.jpg|mion|275px|Osclaíodh an chéad phictiúrlann faoi aer le haghaidh daoine i gcarranna ar domhan in [[Camden, New Jersey|Camden]], New JerseyNua-Gheirsí sa bhliain 1933.]]
 
Dalta na stáit eile i dtuaisceart na tíre cuireadh acht i bhfeidhm i New JerseyNua-Gheirsí sa bhliain le cosc a chur le [[sclábhaíocht]] de réir a chéile. Faoi na 1830idí bhí formhór na ndaoine gorma saor; bhí timpeall is deichniúr sclábhaithe aosta sa stát nuair a cuireadh deireadh leis an sclábhaíocht ar fud na tíre sa bhliain 1865.
 
Forbraíodh a lán tionsclaíochta i New JerseyNua-Gheirsí i luathbhlianta na tíre nua agus le linn an 19ú haois. Bhunaigh [[Alexander Hamilton]] in éineacht le scata daoine eile comhlacht darbh ainm Society for the Establishment of Useful Manufactures (SUM) sa bhliain 1791. D'fhostaigh an grúpa [[Pierre Charles L'Enfant]] le cathair a phleanáil don cheantar timpeall ar na hEasa Móra ar an Abhainn Passaic i dtuaisceart an stáit le feidhm a bhaint as fuinneamh na n-eas ansin. Paterson a baisteadh ar an gcathair in onóir William Paterson.
 
Fuair an náisiún nua roinnt mhaith [[Iarann|iarainn]] ó New JerseyNua-Gheirsí, go háirithe as na mianaigh guala portaigh i ndeisceart an stáit. Spreag tógáil na g[[Canáil|canálacha]] agus na n-iarnród sa 19ú haois forbairt na tionsclaíochta sa stát, go mór mhór Canáil Mhorris a osclaíodh sa bhliain 1831. D'éascaigh sin [[gual]] a thabhairt isteach o Ghleann an Lehigh in oirthear Pennsylvania. Chuir [[Thomas Edison]] faoi i New JerseyNua-Gheirsí ag cur ionad forbartha teicneolaíochta ar bun, in Menlo Park ar dtús agus ansin in [[West Orange, New Jersey|West Orange]]. Ba i Menlo Park a lasadh sráid le solais leictreacha den chéad uair ariamh, toradh a chuid oibre leis an [[leictreachas]]. Ag tús na 1900idí, d'fhás [[Fort Lee, New Jersey|Fort Lee]], in oirthuaisceart an stáit, mar an áit ba mhó déanta scannán ar domhan.
 
Mar gheall ar an méid monarchana agus infreastruchtúr iompair a tógadh i New JerseyNua-Gheirsí, bhí páirt thábhachtach ag an stát le linn an dá chogadh domhanda sa chéad leath den 20ú haois. Cuireadh na mílte saighdiúirí go dtí an [[Eoraip]] sa [[Chéad Chogadh Domhanda]] ó dhugaí in [[Hoboken]]. Tógadh cuid de na longa a d'iompair iad i New JerseyNua-Gheirsí freisin, sna ceártaí longa i g[[Camden]] agus Bayonne. Ar na déantúisí míleata eile a rinneadh i New JerseyNua-Gheirsí bhí armlón, gléasanna cumarsáide, agus ceimicigh. Idir an dá chogadh, roimhe sin agus ina dhiaidh, tógadh tionscail thíthíochta, áiseanna gnó, monarchana agus na háiseanna a ghabhann leo i gceantracha i New JerseyNua-Gheirsí a bhí faoin tuath. D'fhág sin fás an-mhór ar na fo-bhailte ar fud an stát, cé gur tháinig meath millteanach ar na cathracha. Níl mórán cathracha móra i New JerseyNua-Gheirsí i gcomparáid le stáit agus tíortha eile. Ina áit sin tá na céadta bailte, idir bheag agus mhór, iad buailte lena chéile i réimsí fada uirbeacha agus a rialtas féin ag gach aon cheann díobh.
 
Osclaíodh bóthar dola Nua-Gheirsí (an "New Jersey Turnpike") sa bhliain 1952, nasc idir mórcheantracha Nua-Eabhrac agus Philadelphia, agus idir an tuaisceart agus [[Washington, D.C.]]: níorbh fhada sula raibh sé ar na mórbhealaigh is mó tráchta sa tír. Osclaíodh an Garden State Parkway sa bhliain 1955 feadh an chósta.
 
==Geilleagar==
Is é New JerseyNua-Gheirsí an darna stát Meiriceánach is saibhre de réir ioncam teaghlaigh—$71,180 sa bhliain. $51,358 an teacht isteach ag an meán duine aonair. $487 bn an olltáirgeacht stáit sa bhliain 2010..<ref>{{PDFlink|[http://www.bea.gov/bea/newsrelarchive/2005/gsp1005.pdf Bureau of Economic Analysis]}}</ref><ref>{{cite web|teideal=GDP by State|url=http://greyhill.com/gdp-by-state|publisher=Greyhill Advisors|accessdate=September 16, 2011}}</ref>
 
==Déimeagrafaic==
De réir mheastachán Bhiúró an Daonáirimh, bhí 8,938,125 duine ina gcónaí i New JerseyNua-Gheirsí sa bhliain 2014, méadú 1.66% ar na 8,791,894 duine a fuarthas le linn Dhaonáireamh 2010. Ó thaobh cine de, ba den chine geal iad 68.6% de dhaonra an stáit sa bhliain 2010. Ba 13.7% de na daoine de shliocht Afracach agus 8.3% de shliocht Áiseach. Ba de chúlra "Latino" 17.7% de mhuintir New JerseyNua-Gheirsí agus dúradh Spáinnis a bheith á labhairt mar phríomhtheanga sa bhaile ag 14.59% de na daoine os cionn 5 bliana d'aois. Bhí teanga éigin seachas Béarla mar theanga dhúchais ag 28.69%, is é sin 2,345,644 duine.
 
==Tagairtí==
Líne 117:
 
==Naisc sheachtracha==
* [http://www.nj.gov/ Suíomh oifigiúil stát New JerseyNua-Gheirsí]
 
{{New Jersey}}