An difríocht idir athruithe ar: "Valérie Harvey"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Valérie Harvey 1.jpg|mion|Valérie Harvey]]
Amhránaí agus scríbhneoir ó [[Québec]] is ea '''Valérie Harvey'''. Rugadh í in La Malbaie ar an 2 Deireadh Fómhair 1979.<ref>http://lccn.loc.gov/n2010072297 « Harvey, Valérie, 1979- »], ag authorities.loc.gov/ (''[[Library of Congress]] Authorities'')</ref> Sa t[[An tSeapáin|Seapáin]] is mó atá suim aici agus tá trí leabhar foilsithe aici faoin tír sin. Tá sí le cloisteáil ina socheolaí ar an gclár raidió Médium large ar ICI Radio-Canada Première.<ref>http://ici.radio-canada.ca/emissions/medium_large/2013-2014/chronique.asp?idChronique=388459 Humanistes</ref> Ise a scríobhann an blag taistil Nomadesse, agus baineann sí leis an dísreach Yume, a chumann amhrain i [[Seapáinis]] agus i bh[[Fraincis]].
 
Rinne sí staidéar sa Cégep (coláiste gairmoiliúnaí) agus in Ollscoil Sherbrooke, mar ar bhain sí amach céim i litríocht Fhraincise agus céim eile i gcumarsáid agus in ilmheáin. Bhí teastas aici freisin i dteangacha nua-aimseartha. Tharraing an méid sin chun na Seapáine í.<ref>[http://www.radio-canada.ca/util/zapmedia/version10/detecte.asp?menu=1&promo=ZAPmedia_Telejournal&lien=/Medianet/2010/CBGA/0000ec6a_20100301_090015.asx&duree=court Agallamh ar Radio-Canada Gaspé, 1 Márta 2010]</ref>.'
 
IIn 2006 chaith sí bliain in [[Kyoto]] sa tSeapáin. Ar fhilleadh abhaile di thug sí faoin staidéar arís in Ollscoil Lavall agus chuaigh sí ar ais chun Kyoto iin 2010.
 
Tá trí leabhar foilsithe aici. In ''Passion Japon'' tugann gach caibidil cuntas ar ábhar difriúil: na healaíona, an bia, na héadaí, na reiligiúin, an teanga, caidreamh leis na Seapánaigh, na cathracha agus na teampaill is tábhachtaí. In ''Les découvertes de Papille au Japon'' deir an féileacán Papille le léitheoirí óga cén chuimhne atá aige ar na turais a thug sé go dtí an tSeapáin. In ''Le pari impossible des Japonaises'' (2012), saothar atá bunaithe ar a máistreacht sa tsocheolaíocht, baineann sí úsáid as agallaimh le mná idir tríocha agus cúig bliana is daichead d’aois chun iniúchadh a dhéanamh ar na dála agus ar na constaicí sóisialta a bhacann ar na Seapánaigh teaghlaigh a chur ar bun, beag beann ar an bhfonn atá ar mhná leanaí a bhreith. Tá ''La Pomme de Justine'' (Québec Amérique) dírithe ar léitheoirí atá os cionn ceithre bliana déag agus cuireann sé síos ar an ngrá idir múinteoir litríochta agus bean óg a bheidh mar dhalta aige.<ref>[http://www.quebec-amerique.com/livre-details-jeunesse.php?id=1810 Québec Amérique]</ref>.