An difríocht idir athruithe ar: "Monique Leyrac"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Amhránaí agus aisteoir Fraincise is ea '''Monique Leyrac''' (née '''Monique Tremblay''') a rugadh in [[Montréal]] in [[Québec]] ar an 26 Feabhra 1928 agus a fuair bás ar an 15 Nollaig 2019.
 
== Beatha ==
Rinne sí cúrsa drámaíochta agus í ina déagóir.<ref>[http://www.qim.com/artistes/biographie.asp?artistid=251 Monique Leyrac], in ''Québec Info Musique'' (qim.com).</ref> Tar éis di tamall de bhlianta a chaitheamh ag obair ar an raidió, chuaigh sí le hamhránaíocht. Rinne sí camchuairt san Eoraip agus sa [[An Liobáin|Liobáin]] i 1950-51 agus ansin thosaigh ag canadh in dhá cheabairé iomráiteacha in Montréal. IIn 1965 ghnóthaigh sí duais ag Féile Idirnáisiúnta na hAmhránaíochta i Sopot sa [[An Pholainn|Pholainn]] le “Mon Pays”.
 
Thosaigh sí ag aisteoireacht ar an teilifís sna seascaidí agus rinne páirt sa tsraith teilifíse "Les Enquêtes Jobidon". IIn 1970 rinne sí príomhpháirt sa scannán ''The Act of the Heart''. Sna hochtóidí thosaigh sí ag scríobh agus ag léiriú seónna aonair. Nuair a d’éirigh sí as an amhránaíocht chaith sí a dúthracht leis an teilifís agus le scannáin.
 
Bhí sí pósta le Jean Dalmain, aisteoir agus stiúrthóir. IIn 1983 d’fhoilsigh sí dírbheathaisnéis, ''Mon enfance à Rosemont''.
 
== Dioscliosta ==