An difríocht idir athruithe ar: "Ginette Ravel"
Content deleted Content added
No edit summary |
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
||
Líne 1:
Amhránaí ó Québec is ea '''Ginette Ravel''' (née '''Marie Thérèse Ginette Gravel'''). Rugadh í in Joliette, [[Québec]], ar an 6 Deireadh Fómhair 1940. Bhí guth corraitheach mealltach aici agus fáiltíodh roimpi i g[[Ceanada]] agus sa [[An Fhrainc|Fhrainc]].
==Beatha agus Saothar==
Líne 10:
Ghnóthaigh sí ceirnín órga 1959 de bharr a chéad fhadcheirnín, ''Tu te souviendras de moi'' (Beidh cuimhne agat orm). Chomh maith leis sin fuair sí Duais Mhór an cheirnín Cheanadaigh ab fhearr ar raidió Montréal i 1961. Sna blianta ina dhiaidh sin bhí glaoch ar amhráin dá cuid leithéidí "Quand le soleil était là" (Nuair a bhí an ghrian ann), "Demain tu te maries (arrête, arrête, ne me touche pas)" (Amárach pósfaidh tú (is ná teagmháil liom)), "Plus je t'entends" (Dá mhéad a thuigim thú) de chuid Alain Barrière, "La Mama" de chuid Charles Aznavour agus eile. I dtús 1963 chuir sí an clár ''Avec une chanson'' (Le hamhrán) i láthair do CFTM, Montréal, agus ghnóthaigh Duais Mhór an cheirnín Cheanadaigh arís de bharr an cheirnín ''L’amour c’est comme un jour'' (Is ionann an grá is lá).
Chaith sí bliain i b[[Páras]] agus dúirt amhráin i gclubanna difriúla ar an mBruach Clé. Orthu sin bhí l'Échelle de Jacob, áit a bhí á riar ag Suzy Lebrun; bhí Ravel sé mhí i mbun amhránaíochta ann.
Is iomaí turas a rinne sí san Eoraip anuas go dtí 1986. Thug sí cainteanna ar an ól agus ar an spioradáltacht agus bhí ceolchoirmeacha aici sa [[An Fhrainc|Fhrainc]], sa [[An Ghearmáin|Ghearmáin]], sa [[An Bheilg|Bheilg]] agus san [[An Eilbhéis|Eilbhéis]].
Chomh maith leis sin scríobh cúig leabhar faoina saol: ''Je vis mon alcoolisme'' (Fulaingím an alcólacht), ''Vivre 24 heures à la fois'' (Maireachtáil ó lá go lá), ''La cuisine du cœur'' (Cócaireacht an chroí), ''Entre l'amour et l'amitié'' (Idir an grá agus an cairdeas) agus et ''J'ai vaincu la dépression et échappé au suicide'' (Sháraigh mé an duairceas agus sheachain mé an féinmharú).
Líne 24:
Scríobh Ginette Ravel d’irisí Claude G. Charron ar feadh seacht mbliana. Chuir sí agallamh ar phearsana nótáilte, leithéidí [[Juliette Greco]], Serge Reggiani, Robert Bourassa, Gilbert Bécaud, Yves Duteuil, Petula Clark, Jean-Paul Belmondo, Céline Dion, etc..
Tháinig sí i láthair an phobail den uair dheireanach ag Roche-sur-Yon sa Fhrainc
== Dioscliosta ==
|