An difríocht idir athruithe ar: "Lisa LeBlanc"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Leathanach cruthaithe le 'Amhránaí agus scríbhneoir amhrán in Québec is ea '''Lisa LeBlanc'''. Rugadh í in 1990 in Brunswick Nua. ==Beatha== Rugadh í in Rosaireville, sráidbhaile Acai...'
 
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 6:
Tar éis di dul ag amhránaíocht thall is abhus ina ceantar dúchais, fuair sí dioplóma ón École nationale de la chanson de Granby i rang na bliana 2010.<ref>''Nos finissants'', École nationale de la chanson: http://www.jechante.org/diplomes/nos-finissants</ref><ref>Sylvain Cormier, “Lisa LeBlanc, les chansons à vif d'une fille en vie,” ''Le Devoir'', 24 Márta 2012: https://www.ledevoir.com/culture/musique/345784/lisa-leblanc-les-chansons-a-vif-d-une-fille-en-vie</ref> Bhí sí páirteach sa 42ú Festival international de la chanson de Granby in Meán Fómhair 2010 agus ghnóthaigh an chéad duais. Fuair sí cuireadh chun canadh ar chláir theilifíse dá bharr.<ref>Studio 331 : Entrevue de Lisa LeBlanc par Sylain Montreuil ar Capacadie.com, 19 Samhain 2010: http://www.capacadie.com/videos/155881</ref>.
 
I Márta 2012}} chuir sí a céad albam amach. Ón gcéad seachtain amach bhí sé sin ar bharr an liosta mar albam mórdhíolta ar iTunes Canada.<ref>Yves Leclerc, “Lisa LeBlanc devance Adele et Madonna,” ''Le Journal de Montréal'', 2 Aibreán 2012: http://www.journaldemontreal.com/2012/04/02/lisa-leblanc-devance-adele-et-madonna</ref>
 
I bhFómhar 2012 ghlac sí páirt sa 26ú féile den Coup-de-cœur francophone (féile cheoil de chuid Montréal atá ann ó 1987 i leith). Chuaigh sí ag canadh ar fud oirthear Cheanada.