An difríocht idir athruithe ar: "Laurence Jalbert"

ceoltóir Ceanadach
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Leathanach cruthaithe le 'Amhránaí agus scríbhneoir amhrán is ea '''Laurence Jalbert''' (née '''Lise Jalbert'''). Rugadh í in Rivière-au-Renard in Québec ar an 18 Lúnasa 1959.<ref>h...'
(No difference)

Leagan ó 12:39, 28 Bealtaine 2020

Amhránaí agus scríbhneoir amhrán is ea Laurence Jalbert (née Lise Jalbert). Rugadh í in Rivière-au-Renard in Québec ar an 18 Lúnasa 1959.[1]. Chuir sí ocht n-albam amach idir na blianta 1990 agus 2011, ach bhí sí ag obair i bhfad roimhe sin le grúpaí difriúla i mbeáir phianó. Ghnóthaigh sí a lán duaiseanna, agus bhí éileamh ar leith ar na hamhráin “Encore et encore,” “Tomber,” “Rage,” “Pour toi,” agus “Bella”.

Beatha

Bhí Laurence ag seinm ar an orgán i mbeáir phianó ón uair a bhí sí sé bliana déag. Bhí baint aici lena lán grúpaí agus í ag obair mar cheoltóir ar feadh roinnt blianta in Québec sular thosaigh sí ag scríobh don ghrúpa Volt in 1985. Chuir siad gearrcheirnín amháin, Nobody knows, amach sular scar siad ó chéile in 1988.

In 1990 chuir sí a céad albam aonair amach agus na hamhráin go léir scríofa aici féin. Bhí an-díol air. Théadh sí ag amhránaíocht sa Fhrainc ina dhiaidh sin ach le Québec is mó a bhí baint aici.

Tá an-suim aici i gcás na mban, suim a d’fhág a rian ar a gcuid amhrán, go háirithe “Mots de femmes” (“Focail ban”).

In 2015 d’fhoilsigh sí agus an t-iriseoir Claude André leabhar beathaisnéiseach dá cuid dar teideal À la vie, à la mer. Tá dhá cheann déag dá cuid amhrán le fáil ann agus míniú ann ar na cúrsaí ar fáisceadh gach amhrán astu.

Ó 2015 i leith tá sí ag tabhairt cainteanna dar teideal Encore et encore, de l’amour, de l’espoir… agus an teacht aniar mar phríomhthéama acu.

Ceol

Albaim

  • Nobody knows 1987 (leis an ngrúpa Volt)
  • Laurence Jalbert 1990
  • Corridors 1993
  • Avant le squall 1998
  • Communio 2000 (le Dan Bigras)
  • Et j'espère 2001
  • Noël des Anges 2005
  • Tout porte à croire 2007
  • Une lettre 2011
  • À la vie, À la mer 2015
  • Ma route 2016

Cnuasaigh

  • Laurence Jalbert - ses plus grands succès 2004
  • Sur la route... évidemment 2006

Le cloisteáil

Tomber [1]
Encore et encore [2]
Corridor [3]

Nótaí

Naisc sheachtracha