An difríocht idir athruithe ar: "Máire Nic Mhaoláin"

Content deleted Content added
No edit summary
Cumtha ag Niamh Ní Dhochartaigh MA i Staidéar an Aistriúcháin Coláiste na hOllscoile Corcaigh 2019.
Líne 1:
[[Íomhá:Íomhanna_ar_an_léaráid_.jpg|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:%C3%8Domhanna_ar_an_l%C3%A9ar%C3%A1id_.jpg|mion|257x257px|[[:Harry Potter agus an Órchloch]]{{reflist}}]]
Eagarthóir, téarmeolaí, aistritheoir agus foclóirí í '''Máire Nic Mhaoláin'''. Rugadh agus a tógadh í in aice le [[Dún Pádraig]] i g[[Contae an Dúin|Co. an Dúin]] . Ar an mheánscoil i mBaile na hInse a d’fhoghlaim sí Gaeilge ar dtús. Ghnóthaigh sí céim onóracha sa Léann Ceilteach ar Ollscoil na Ríona in 1965, mar aon le scoláireachtaí taighde. Theagasc sí teangacha tamall i mBéal Feirste agus i Lios na gCearrbhach sular ceapadh ina taighdeoir í in Institiúid Teangeolaíochta Éireann. Fuair sí post ansin mar eagarthóir sa Ghúm, áit ar chaith sí bunús a saoil oibre ag plé le foclóireacht, téarmaíocht agus foilseacháin ilchineálacha Gaeilge. Ar na saothair sin bhí an Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill) agus an Foclóir Póca. D’oibrigh sí in Ollscoil Uladh fosta ar mhórthogra foclóireachta. Chuir sí an Bunfhoclóir Gaeilge-Béarla in eagar ó shin i bpáirt le hEoghan Mac Aogáin. Ar na leabhair a d’aistrigh sí tá úrscéalta agus cnuasach gearrscéalta ó Iodáilis (An Mháthair, Dialann Seansagairt, Éanlaith Fhra Angelico, Dormitio Virginis, agus I mBeagán Focal) agus cúpla gearrscéal a foilsíodh ar Ogham 2 agus 5. Foilsíodh trí leabhar do dhéagóirí a d’aistrigh sí ó Bhreatnais, móide cúpla ceann d’fhoghlaimeoirí fásta. Le cois roinnt pictiúrleabhar ó Fhraincis, chuir sí Gaeilge ar an chéad leabhar de shraith [http://Harry_Potter_agus_an_%C3%93rchloch Harry Potter:Harry Potter agus an Órchloch] agus Artemis Fowl, agus ar Under the Hawthorn Tree (Faoin Sceach Gheal). Scríobh sí dhá bhunleabhar fosta ar athinsint ar sheanscéalta iad. Bíonn dánta agus ábhar eile uaithi ar na hirisí Gaeilge, agus tá cuid mhaith duaiseanna Oireachtais buaite aici thar na blianta.
Eagarthóir, téarmeolaí, [[Aistriúchán|aistritheoir]] agus [[Foclóir|foclóirí]] í '''Máire Nic Mhaoláin'''.
 
Rugadh agus a tógadh í in aice le [[Dún Pádraig]] i g[[Contae an Dúin|Co. an Dúin]] . Ar an mheánscoil i mBaile na hInse a d’fhoghlaim sí Gaeilge ar dtús.
Cumtha ag Niamh Ní Dhochartaigh MA i Staidéar an Aistriúcháin Coláiste na hOllscoile Corcaigh 2019.
 
Ghnóthaigh sí céim onóracha sa Léann Ceilteach ar Ollscoil na Ríona in 1965, mar aon le scoláireachtaí taighde. Theagasc sí teangacha tamall i mBéal Feirste agus i Lios na gCearrbhach sular ceapadh ina [[Taighde|taighdeoir]] í in [[Institiúid Teangeolaíochta Éireann]]. Fuair sí post ansin mar eagarthóir sa Ghúm, áit ar chaith sí bunús a saoil oibre ag plé le foclóireacht, téarmaíocht agus foilseacháin ilchineálacha Gaeilge.
 
Ar na saothair sin bhí an Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill) agus an Foclóir Póca. D’oibrigh sí in Ollscoil Uladh fosta ar mhórthogra foclóireachta. Chuir sí an Bunfhoclóir Gaeilge-Béarla in eagar ó shin i bpáirt le hEoghan Mac Aogáin.
 
Ar na leabhair a d’aistrigh sí tá úrscéalta agus cnuasach gearrscéalta ó Iodáilis (An Mháthair, Dialann Seansagairt, Éanlaith Fhra Angelico, Dormitio Virginis, agus I mBeagán Focal) agus cúpla gearrscéal a foilsíodh ar Ogham 2 agus 5.
 
Foilsíodh trí leabhar do dhéagóirí a d’aistrigh sí ó Bhreatnais, móide cúpla ceann d’fhoghlaimeoirí fásta.
 
Le cois roinnt pictiúrleabhar ó Fhraincis, chuir sí Gaeilge ar an chéad leabhar de shraith Harry Potter, [[Harry Potter agus an Órchloch]] agus Artemis Fowl, agus ar Under the Hawthorn Tree (Faoin Sceach Gheal).
 
Scríobh sí dhá bhunleabhar fosta ar athinsint ar sheanscéalta iad.
 
Bíonn dánta agus ábhar eile uaithi ar na hirisí Gaeilge, agus tá cuid mhaith duaiseanna Oireachtais buaite aici thar na blianta.
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
{{DEFAULTSORT:Mhaolain, Maire}}
[[Catagóir:Scríbhneoirí Gaeilge]]