An difríocht idir athruithe ar: "Cath na Fraince"

Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Battle_of_France_collage.jpg|deas|250px|thumb|Cath na Fraince]]
BhíLe linn an Dara Cogadh Domhanda, thosaigh '''Cath na Fraince''', ionradh [[Gearmánach]] na Fraince agus [[na Tíortha faoi Thoinn]] i rith [[an Dara Cogadh Domhanda]]. I sé seachtaine asar [[10 Bealtaine]] [[1940]], chloígh forsaí Gearmánach fórsaí na gComhghuaillithe le oibríochta gluaisteacha agus chloígh [[an Fhrainc]], [[an Bheilg]], [[Lucsamburg]] agus [[an Ísiltír]], oibríochta talún ar [[an Fronta Thiart]] á dtabhairt chun deiridh go dtí [[6 Meitheamh]] [[1944]].
 
Ar an [[10 Bealtaine]] [[1940]], tháinig deireadh leis an g[[Cogadh Bréige]] nuair a thug arm na Gearmáine ruathar ar an [[Lucsamburg]], ar an m[[An Bheilg|Beilg]] agus ar an [[An Ísiltír|Ísiltír]] agus ghlac seilbh orthu.<ref>{{Lua idirlín|url=http://www.beo.ie/alt-lappel-du-18-juin.aspx|teideal=L’Appel du 18 juin|language=ga|work=Beo!|dátarochtana=2020-06-14}}</ref>
 
Is ar an tríú lá Meithimh a thit na chéad bhuamaí ar [[Páras|Pháras]]. Theith [[rialtas]] na Fraince, rialtas [[Paul Reynaud]], go [[Bordeaux]] ar an [[10 Meitheamh]]. Is faoi cheannas an [[Wehrmacht]] ceithre lá níos déanaí, ar [[14 Meitheamh]], a thit an [[Príomhchathair|phríomhchathair]], Páras.
 
D'éirigh Reynaud as ar 16 Meitheamh.
 
Tháinig [[Philippe Pétain|Maréchal Pétain]], laoch míleata na Fraince sa [[An Chéad Chogadh Domhanda|Chéad Chogadh Domhanda]], i gcomharbacht ar rialtas Reynaud. Ar [[17 Meitheamh]], dúirt Pétain leis an bpobal, i g[[Craolachán|craoladh]] [[raidió]] náisiúnta: '<nowiki/>''C’est le coeur serré que je vous dis aujourd’hui qu’il faut cesser le combat''' nó 'Le briseadh croí a deirim go gcaithfear géilleadh'.
 
Theith De Gaulle ar an lá céanna agus bhain sé Londain amach.
 
An lá dár gcionn, ar an BBC, thug De Gaulle óráid dhúshlánach ar an raidió, agus freagra ar Pétain. Dúirt de Gaulle, '''Quoi qu’il arrive, la flame de la résistance française ne doit pas s’éteindre et ne s’éteindra pas''" nó "Más mall lasair na saoirse, ná múchtar is ní mhúchfar í'.
 
Glaoitear an ‘''Appel du 18 juin''’ ar an bhfógairt seo. Níor thug de Gaulle aitheantas riamh do rialtas Pétain, nó do rialtas Vichy mar is fearr aithne air, ach d’iarr sé ar gach Francach bailiú timpeall air agus tús a chur le slógadh a chuirfeadh an ruaig ar an namhaid. Mar sin chuir de Gaulle tús leis an ngluaiseacht ''France Libre'' agus an ''Résistance'' sa Fhrainc.
 
Tháinig Hitler go Compiegne ar [[21 Meitheamh]] chun sos cogaidh a shiniú.
 
Ina leabhar Suite Française, tugann [[Irène Némirovsky]] cur síos ar an gcíor thuathail inar fágadh na daoine i rith na tréimhse sin.
 
A luaithe a bhí an Fhrainc faoi chois, chuir an Wehrmacht tús le feachtas bolscaireachta inar iarradh ar phobal na Fraince glacadh le forlámhas fórsaí na Gearmáine agus cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar an sean-namhaid, An Ríocht Aontaithe.
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}<br />
 
{{síol}}