An difríocht idir athruithe ar: "An Tibéid"

2,116 bytes added ,  1 bhliain ó shin
no edit summary
 
== Stair ==
Forbraíodh an chéad stát Tibéadach ó phobail i ngleann na habhann [[Yarlung Tsangpo]], an abhainn níos faide sa Tibéid. Timpeall 600 CR, rinne [[Namri Songtsen]] aontas de na pobail seo faoi smacht [[Monarcacht|rí amháin]] agus ainmníodh [[Lása]] mar [[Príomhchathair|phríomhchathair]]. Mhéadaigh an ríocht seo faoi smacht a mhic [[Songtsen Gampo]] a bhunaigh [[Impireacht na Tibéide]]. Deir staraithe Tibéadacha go dtáinig [[An Búdachas|Búdaithe]] go dtí an Tibéid le linn an réimis Songtsen Gampo. Rialaigh Songtsen Gampo go 649 CR. Níos déanaí, chothaigh an rí [[Trisong Detsen]] go mór an Búdachas. Bunaíodh an [[mainistir]] ag [[Samye]] faoi [[Pátrúnacht|phátrúnacht]] Trisong Detsen timpeall 790 CR. Tugtar ómós do Songtsen Gampo agus do Trisong Detsen mar rithe an [[Dharma]] (Tib. ཆོས་རྒྱལ་ ''chos rgyal'') -- rithe a chreid go mór i dteagasc an Bhúdachais agus a thacaigh go mór leis. Le linn an ama seo, bhí neart talún faoi smacht Impireacht na Tibéide. Throid Impireacht na Tibéide i gcoinne na [[Arabaigh|n-Arabach]] san iarthar agus i gcoinne [[An tSín|na Síne]] san oirthear. Tar éis bhás an rí [[Langdarma]] i 842, thit Impireacht na Tibéide, agus ní raibh an Tíbeid aontaithe faoi smach rí amháin níos mó.
 
Sa bhliain 1904, rinne an [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]] ionradh ar an Tibéid.<ref>{{Luaigh foilseachán|title=British expedition to Tibet|url=https://en.wikipedia.org/w/index.php?title=British_expedition_to_Tibet&oldid=909170137|journal=Wikipedia|date=2019-08-03|language=en}}</ref> Ionsaí ba ea é ar dhaoine nach raibh cóir a gcosanta acu. Feallmharaíodh na céadta nó na mílte [[manach]] le linn an fheachtais míleata.
 
 
Shroich sluaíocht [[An Bhreatain|Briotanach]], faoi cheannas Francis Younghusband, [[Lása]] na Tibéide, ar [[3 Lúnasa]] [[1904]]. Ba choimirceas de chuid na Breataine é nuair a shínigh Conradh Lása ar an [[7 Meán Fómhair]] [[1904]].
 
== Creideamh ==
Cleachtaítear neart reiligiúin sa Tibéid, ach cleachtaíonn formhór na dTibéadach an [[An Búdachas|Búdachas]]. Tá ceithre scoil an Bhúdachais sa Tibéid: an scoil Nyingma, an scoil Kagyu, an scoil Sakya, agus an scoil Gelug. Is é an [[Dalai Lama]] ceannaire na scoile Gelug, agus d'fheidhmíodh sé cumhacht theamparálta sa Tibéid go hionradh na Síne i 1959. Cleachtaíonn roinnt Tibéadach reiligiún ar a dtugtar [[Bon]] air. Tá conspóid ann faoi bhunús an Bon. De réir an traidisiúin Bhúdaíoch, is é an Bon reiligiún dúchasach na Tibéide, ach deir a lucht leanúna go bhforbraíodh an Bon i dtír ar an taobh thiar den Tibéid ar a dtugtar Tazig. Tá neart cosúlachtaí idir an Búdachas agus an Bon, ach dhéantaí géarleanúint ar an mBon go minic i stair na Tibéide.
 
== Tagairtí ==