14,257
edits
[[Íomhá:Flag of Tibet.svg|thumb|
Réigiún s[[an Áise]] is ea '''an Tibéid'''. Tá sí suite ar ardchlár i dtuaisceart na [[Himiléithe]]. 4,900 [[méadar]] an mheán-airde agus is é an réigiún is airde ar [[an Domhan|domhan]] é.
Inniu tá an tír faoi smacht [[Daon-Phoblacht na Síne|Dhaon-Phoblacht na Síne]]. Tá Rialtas na Tibéide ar
[[Íomhá:Samye Tibet.jpg|mion|Bunaíodh an [[mainistir]] ag [[Samye]] faoi [[Pátrúnacht|phátrúnacht]] Trisong Detsen timpeall 790]]
== Stair ==
Deir staraithe Tibéadacha go dtáinig [[An Búdachas|Búdaithe]] go dtí an Tibéid le linn an réimis Songtsen Gampo. Rialaigh Songtsen Gampo go 649 CR.
[[Íomhá:Kampa Dzong, Tibet 1904 John C. White RESTORED (cropped).jpg|mion|Kampa Dzong, 1904, agus feachtas faoi cheannais Francis Younghusband]]
Níos déanaí, chothaigh an rí [[Trisong Detsen]] go mór an Búdachas. Bunaíodh an [[mainistir]] ag [[Samye]] faoi [[Pátrúnacht|phátrúnacht]] Trisong Detsen timpeall 790. Tugtar ómós do Songtsen Gampo agus do Trisong Detsen mar rithe an [[Dharma]] (Tib. ཆོས་རྒྱལ་ ''chos rgyal'') -- rithe a chreid go mór i dteagasc an Bhúdachais agus a thacaigh go mór leis. Le linn an ama seo, bhí neart talún faoi smacht Impireacht na Tibéide. Throid Impireacht na Tibéide i gcoinne na [[Arabaigh|n-Arabach]] san iarthar agus i gcoinne [[An tSín|na Síne]] san oirthear. Tar éis bhás an rí [[Langdarma]] i 842, thit Impireacht na Tibéide, agus ní raibh an Tíbeid aontaithe faoi smach rí amháin níos mó.
=== 1900idí ===
Sa bhliain 1904, rinne an [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]] ionradh ar an Tibéid.<ref>{{Luaigh foilseachán|title=British expedition to Tibet|url=https://en.wikipedia.org/w/index.php?title=British_expedition_to_Tibet&oldid=909170137|journal=Wikipedia|date=2019-08-03|language=en}}</ref> Ionsaí ba ea é ar dhaoine nach raibh cóir a gcosanta acu. Feallmharaíodh na céadta nó na mílte [[manach]] le linn an fheachtais míleata.
Shroich sluaíocht [[An Bhreatain|Briotanach]], faoi cheannas Francis Younghusband, [[Lása]] na Tibéide, ar [[3 Lúnasa]] [[1904]]. Ba choimirceas de chuid na Breataine é nuair a shínigh Conradh Lása ar an [[7 Meán Fómhair]] [[1904]].
== Creideamh ==
Cleachtaítear neart reiligiúin sa Tibéid, ach cleachtaíonn formhór na dTibéadach an [[An Búdachas|Búdachas]].
[[Íomhá:Himalayas-Lhasa15.JPG|thumb|left|260px|An t-[[ardchlár]]]]Tá ceithre scoil an Bhúdachais sa Tibéid: an scoil Nyingma, an scoil Kagyu, an scoil Sakya, agus an scoil Gelug. Is é an [[Dalai Lama]] ceannaire na scoile Gelug, agus d'fheidhmíodh sé cumhacht theamparálta sa Tibéid go hionradh na Síne i 1959.
=== Bon ===
Cleachtaíonn roinnt Tibéadach reiligiún ar a dtugtar [[Bon]] air.
Tá conspóid ann faoi bhunús an Bon. De réir an traidisiúin Bhúdaíoch, is é an Bon reiligiún dúchasach na Tibéide, ach deir a lucht leanúna go bhforbraíodh an Bon i dtír ar an taobh thiar den Tibéid ar a dtugtar Tazig.
Tá neart cosúlachtaí idir an Búdachas agus an Bon, ach dhéantaí géarleanúint ar an mBon go minic i stair na Tibéide.
== Tagairtí ==
|
edits