An difríocht idir athruithe ar: "Éamon de Valera"

Content deleted Content added
+ Leabharliosta
Líne 27:
[[Náisiúnachas in Éirinn|Triodaí saoirse]] agus [[Polaitíocht|polaiteoir]] ab ea '''Éamon de Valera''' ([[14 Deireadh Fómhair]] [[1882]] - [[29 Lúnasa]] [[1975]]) a bhí ina [[Taoiseach|Thaoiseach]] agus ina [[Uachtarán na hÉireann|Uachtarán]] ar [[Poblacht na hÉireann|Éirinn]].<ref>{{Lua idirlín|url=https://president.ie/index.php/ga/childrens-section/who-past|teideal=Childrens Section - Stair / Who Past|údar=president.ie|dáta=|work=president.ie|dátarochtana=2020-05-19}}</ref> Faoin ainm '''Edward George de Valera''' a rugadh é; uaireanta tugtar an t-ainm Gaelaithe '''Éamonn de Bhailéara''' air. Is iad na leasainmneacha atá air ná "Dev", "An Buachaill Ard" (''The Long Fella'', as Béarla) agus "An tAmadán Fada".
 
Ceannaire tábhachtach ab ea de Valera sa ghluaiseacht phoblachtach sa [[20ú haois]], agus chaith sé tréimhse an-fhada ón mbliain [[1917]] go dtí an bhliain [[1973]] i saol polaitiúil na tíre. Eisean a chum [[Bunreacht na hÉireann]] sa bhliain [[1937]], agus chaith sé a sheal ina Thaoiseach agus ina Uachtarán.<ref>{{Lua idirlín|url=https://president.ie/index.php/ga/the-president/eamon-devalera|teideal=The President Eamon Devalera|údar=Office of the President of Ireland|language=ga|work=president.ie|dátarochtana=2020-06-25}}</ref> Ba é [[Fianna Fáil]], an páirtí a bhunaigh sé sa bhliain [[1926]], an ceann is mó sa tír go dtí 2011.
 
== Tús a shaoil ==
 
Saolaíodh Edward George de Valera i g[[Nua-Eabhrac (cathair)|Cathair Nua-Eabhraic]], [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] sa bhliain 1882. B'iad a thuismitheoirí an mháthair [[Éire]]annach [[Cáit Coll]] ón g[[An Cnoc Mór|Cnoc Mór]] i g[[Contae Luimnigh]] (ainm iomlán: Catherine Coll de Valera Wheelwright), agus an t-athair [[An Spáinn|Spáinneach]] [[Juan Vivion de Valera]]. An t-aon eolas atá againn faoina athair, is ó de Valera féin a fuair muid é. Dúirt sé gur [[dealbhóir]] Spáinneach ab ea Juan Vivion a tháinig go dtí na Stáit Aontaithe agus a casadh ar a mháthair Kate ansin. Phós siad sa bhliain [[1881]], ach cailleadh Juan Vivion [[1885|ceithre bliana ina dhiaidh sin]]. Níor éirigh le [[Tim Pat Coogan]], a scríobh beathaisnéis chuimsitheach faoi de Valera, an t-eolas seo a dhearbhú sna foinsí oifigiúla, nó níl a leithéid de phósadh cláraithe iontu. Mar sin, creideann acadúlaigh áirithe go bhfuil seans ann gur leanbh tabhartha a bhí in Eamon agus gur chum sé féin an scéal faoi Juan Vivion de Valera leis an náire seo a choinneáil ceilte. De cheal eolais, ní féidir an teoiric seo a dhearbhú ná a shéanadh, ach is eol dúinn, ar fad, gur tógadh de Valera i gceantar bocht sa chathair mhór ar dtús, agus is dócha go raibh dea-chuimhní éigin aige ón tréimhse seo nó ar a athair, ar a laghad d'ainmnigh sé a chéad mhac féin, [[Vivion de Valera]], as a athair. Nuair a fuair Juan Vivion bás, thug a uncail Ned é go hÉirinn, agus chuaigh de Valera chun cónaí ag a sheanmháthair [[Elizabeth Coll]] (máthair Cháit), ar fheirm i m[[Brú Rí]], [[Contae Luimnigh]].
 
Dúirt sé gur [[dealbhóir]] Spáinneach ab ea Juan Vivion a tháinig go dtí na Stáit Aontaithe agus a casadh ar a mháthair Kate ansin. Phós siad sa bhliain [[1881]], ach cailleadh Juan Vivion [[1885|ceithre bliana ina dhiaidh sin]]. Níor éirigh le [[Tim Pat Coogan]], a scríobh beathaisnéis chuimsitheach faoi de Valera, an t-eolas seo a dhearbhú sna foinsí oifigiúla, nó níl a leithéid de phósadh cláraithe iontu. Mar sin, creideann acadúlaigh áirithe go bhfuil seans ann gur leanbh tabhartha a bhí in Eamon agus gur chum sé féin an scéal faoi Juan Vivion de Valera leis an náire seo a choinneáil ceilte.
Bhí saol réasúnta compórdach ag an leaid óg ansin. Bhí sé ag obair ar an bhfeirm, ag freastail ar an scoil náisiúnta i mBrú Rí, ag éisteacht le scéalta seandaoine an tsráidbhaile, agus ag imirt [[rugbaí]]. Bhí an scoil ag éirí go maith leis, agus an mhatamaitic ag taitneamh leis thar na hábhair eile. Fuair sé a chuid meánscolaíochta ag na [[Bráithre Críostaí]] san [[An Ráth|Ráth]] i g[[Contae Chorcaí]], agus bronnadh scoláireacht air a cheadaigh dó aghaidh a thabhairt ar [[Coláiste na Carraige Duibhe|Choláiste na Carraige Duibhe]] i m[[Baile Átha Cliath]] sa bhliain [[1898]]. Rinne sé dianstaidéar ar an [[matamaitic]], agus rinneadh ollamh le matamaitic de i g[[Coláiste Charraig an Tobair]] i g[[Contae Thiobraid Árann]] sa bhliain [[1903]]. Bhain sé amach a chéim sa mhatamaitic ó Ollscoil Ríoga na hÉireann ([[Ollscoil na hÉireann]] inniu) sa bhliain [[1905]], agus d'fhill sé ar ais go Baile Átha Cliath le dul ag obair i gColáiste Belvedere. Fuair sé post nua sa bhliain [[1906]] i gColáiste Oiliúna Múinteoirí Carysfort sa [[An Charraig Dhubh|Charraig Dhubh]]. Ní raibh an t-ádh air nuair a chuir sé isteach iarratas ar phost san Ollscoil, ach fuair sé post páirtaimseartha i gColáiste Mhá Nuad, agus tugadh sé léachtaí matamaitice ina lán coláistí i mBaile Átha Cliath.
 
De cheal eolais, ní féidir an teoiric seo a dhearbhú ná a shéanadh, ach is eol dúinn, ar fad, gur tógadh de Valera i gceantar bocht sa chathair mhór ar dtús, agus is dócha go raibh dea-chuimhní éigin aige ón tréimhse seo nó ar a athair, ar a laghad d'ainmnigh sé a chéad mhac féin, [[Vivion de Valera]], as a athair. Nuair a fuair Juan Vivion bás, thug a uncail Ned é go hÉirinn, agus chuaigh de Valera chun cónaí ag a sheanmháthair [[Elizabeth Coll]] (máthair Cháit), ar fheirm i m[[Brú Rí]], [[Contae Luimnigh]].
 
Bhí saol réasúnta compórdach ag an leaid óg ansin. Bhí sé ag obair ar an bhfeirm, ag freastail ar an scoil náisiúnta i mBrú Rí, ag éisteacht le scéalta seandaoine an tsráidbhaile, agus ag imirt [[rugbaí]]. Bhí an scoil ag éirí go maith leis, agus an mhatamaitic ag taitneamh leis thar na hábhair eile. Fuair sé a chuid meánscolaíochta ag na [[Bráithre Críostaí]] san [[An Ráth|Ráth]] i g[[Contae Chorcaí]], agus bronnadh scoláireacht air a cheadaigh dó aghaidh a thabhairt ar [[Coláiste na Carraige Duibhe|Choláiste na Carraige Duibhe]] i m[[Baile Átha Cliath]] sa bhliain [[1898]]. Rinne sé dianstaidéar ar an [[matamaitic]], agus rinneadh ollamh le matamaitic de i g[[Coláiste Charraig an Tobair]] i g[[Contae Thiobraid Árann]] sa bhliain [[1903]]. Bhain sé amach a chéim sa mhatamaitic ó Ollscoil Ríoga na hÉireann ([[Ollscoil na hÉireann]] inniu) sa bhliain [[1905]], agus d'fhill sé ar ais go Baile Átha Cliath le dul ag obair i gColáiste Belvedere. Fuair sé post nua sa bhliain [[1906]] i gColáiste Oiliúna Múinteoirí Carysfort sa [[An Charraig Dhubh|Charraig Dhubh]]. Ní raibh an t-ádh air nuair a chuir sé isteach iarratas ar phost san Ollscoil, ach fuair sé post páirtaimseartha i gColáiste Mhá Nuad, agus tugadh sé léachtaí matamaitice ina lán coláistí i mBaile Átha Cliath.
 
Bhain sé amach a chéim sa mhatamaitic ó Ollscoil Ríoga na hÉireann ([[Ollscoil na hÉireann]] inniu) sa bhliain [[1905]], agus d'fhill sé ar ais go Baile Átha Cliath le dul ag obair i gColáiste Belvedere. Fuair sé post nua sa bhliain [[1906]] i gColáiste Oiliúna Múinteoirí Carysfort sa [[An Charraig Dhubh|Charraig Dhubh]]. Ní raibh an t-ádh air nuair a chuir sé isteach iarratas ar phost san Ollscoil, ach fuair sé post páirtaimseartha i gColáiste Mhá Nuad, agus tugadh sé léachtaí matamaitice ina lán coláistí i mBaile Átha Cliath.
 
== Conradh na Gaeilge ==
 
Bhí athbheochan Ghaelach ar siúl sa tír ag an am seo, i mBaile Átha Cliath ach go háirithe, agus de Valera sáite san obair seo chomh maith le duine. Chaith sé a sheal féin ina [[Gaeilgeoir|Ghaeilgeor]], agus chuaigh sé i g[[Conradh na Gaeilge]], eagraíocht nua a bhí bunaithe ag [[Dubhghlas de hÍde]] agus [[Eoin Mac Néill]] le sracadh nua a chur sa tseanteanga.

Thosaigh de Valera ag freastal ar cheachtanna Ghaeilge sa chathair. An múinteoir a bhí aige ná [[Sinéad de Valera|Sinéad Ní Fhlannagáin]], Gaeilgeoir ó [[Baile Brigín|Bhaile Brigín]], agus í ceithre bliana níos sine ná de Valera. Thit siad i ngrá, agus chuaigh brat pósta orthu ar an [[8 Eanáir]], [[1910]] i séipéal ag [[Cé Arainn]] sa chathair. Ar an [[25 Samhain]] [[1913]], chuaigh de Valera sna h[[Óglaigh na hÉireann|Óglaigh]]. Bhí dúchas an cheannaire ann, agus rinneadh captaen de tar éis tamaill. San am sin, bhí na hÓglaigh faoi smacht [[Bráithreachas na Poblachta|Bhráithreachas na Poblachta]] (IRB), agus lean de Valera ar aghaidh san eagraíocht seo freisin.
[[Íomhá:Éire(Bliainiris Ghaedheal 1940) leathanach 9.jpg|deas|300px238x238px|thumb|Ráiteas, sínithe ag De Valera, i leith na Gaeilge, san irisleabhar 'Éire' Bliainiris Ghaedheal, leathanach 9, 1940.|alt=]]
 
== Éirí Amach na Cásca ==
Bhí na hÓglaigh agus [[Arm na Saoránach]] ag pleanáil éirí amach in Éirinn le tamall maith anuas, agus tháinig deis mhaith nuair a bhí [[an Chéad Cogadh Domhanda]] ar siúl. Thosaigh [[Éirí Amach na Cásca]] nuair a léigh [[Pádraig Mac Piarais]] [[Forógra na Poblachta]] amach ar Shráid Sackville ([[Sráid Uí Chonaill]] inniu) ar an [[24 Aibreán]] sa bhliain [[1916]].

Bhí de Valera agus an Tríú Cathlán, a bhí faoina cheannas, lonnaithe i [[Muileann Uí Bheoláin]], ar [[Shráid na Canála Móire|Sráid na Canála Móire]] sa chathair. Bhí siad ábalta an áit a choimeád go dtí deireadh na seachtaine, ach tá tuairimí difriúla faoi pháirt de Valera i rith an Éirí Amach. Níl aon dabht gur ceannaire láidir cliste a bhí ann agus é ábalta pleananna a dhéanamh agus cinneadh a ghlacadh. Dúirt daoine eile, áfach, gur [[cliseadh néarógach|theip na néaróga air]], ionas go raibh sé ag rith timpeall ag tabhairt orduithe aisteacha nó ag déanamh dearmaid d'eolas tábhachtach.

Cé gur gabhadh i ndeireadh an Éirí Amach é, níor cuireadh chun báis é, mar a tharla do na príomhcheannairí i b[[Príosún Cill Mhaighneann]]. Glactar leis go coitianta go mbeadh an bás i ndán dó go cinnte, ach go bé gur saoránach Meiriceánach a bhí ann nach bhféadfaí a mharú mar sin gan trioblóidí dioplómatúla a fháil leis na Stáit Aontaithe. Bhí an Chéad Chogadh Domhanda díreach ar siúl, agus na Sasanaigh ag iarraidh na Meiriceánaigh a bhréagadh isteach go fóill. Mar sin, níor theastaigh trioblóid ar bith uathu leo siúd.
[[Íomhá:Eamon de Valera (7038732625).jpg|clé|mion|231x231px]]
Cibé scéal é, d'fhan de Valera faoi ghlas i bpríosún eile seachas Chill Mhaighneann, agus na húdaráis ag iarraidh ceist na saoránachta a réiteach. Nuair a tháinig freagairt láidir ón phobal tar éis na mbásuithe eile, cuireadh stad leis na básuithe go tobann. Chaith sé bliain fosta faoi ghlas i Sasana, agus ansin scaoileadh saor ina laoch é i mí Meitheamh, [[1917]].
 
== Sinn Féin agus an Chéad Dáil ==
[[Íomhá:Eamon de Valera c 1922-30.jpg|clé|220px|thumb|De Valera.]]
Bhí tacaíocht [[Sinn Féin|Shinn Féin]] ag fás go géar gasta díreach tar éis an Éirí Amach. Ar dtús, bhí cosmhuintir na hÉireann in aghaidh na ceannairce, ach nuair a cuireadh chun báis é, d'athraigh an port acu. Thosaigh siad ag dearcadh ar cheannairí an Éirí Amach mar laochra, agus bhí de Valera in ann buntáiste a ghlacadh air sin, ó bhí sé ar an gceannaire ab airde céim a tháinig slán as na básuithe.
 
I ndeireadh an Chéad Chogadh Domhanda, d'fhéach rialtas na Breataine an [[Coinscríobh]] a chur i bhfeidhm ar Éirinn, rud nár thaitin le Sinn Féin ar aon nós. Bhí de Valera ina bhall den pháirtí sin, agus toghadh ina Fheisire é ó dháilcheantar an Chláir in [[Olltoghchán na bliana 1918]].

Chuaigh sé i gceannas ar an bpáirtí freisin, mar Uachtarán. D'éirigh go gleoite le Sinn Féin san olltoghchán, nó bhain siad amach 73 cinn de na suíocháin Éireannacha, 104 cinn ar fad, agus 73 % den vóta. Ní dheachaigh aon duine de na Feisirí go dtí an Westminster, áfach. Ina ionad sin, tháinig siad le chéile i mBaile Átha Cliath, áit ar bhunaigh siad a bparlaimint féin, Dáil Éireann.

Chruinnigh na [[Teachta Dála|Teachtaí Dála]] nua i d[[Teach an Ardmhéara]] sa chathair ar an [[21 Eanáir]] sa bhliain [[1919]], agus cuireadh [[an Chéad Dáil]] ar bun. Gabhadh de Valera arís i mí Bealtaine 1918, agus dá thoradh sin, toghadh [[Cathal Brugha]] ina Phríomh-Aire ina áit. D'éalaigh de Valera as Príosún Lincoln i mí Feabhra sa bhliain 1919, agus ansin chuaigh sé i mbun a sheanphoist arís. Is í an chéim a bhí aige san am ná Príomh-Aire, agus b'é ba chiall leis an teideal sin ná ceann comhairle ar an bparlaimint - is é sin, ní raibh sé go díreach ina Cheann Stáit.
 
Ní raibh aon mhoill ar rialtas na Breataine a fhógairt gur pharlaimint neamhdhlíthiúil ab ea an Dáil. Ansin, chuaigh [[Seán T. Ó Ceallaigh]] go [[Páras]] ar lorg aitheantas idirnáisiúnta d'Éirinn. Theip ar an iarracht seo, áfach, agus dá dheasca sin, chaithfeadh de Valera féin dul go [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] le haitheantas, cabhair airgid agus tacaíocht a iarraidh don Phoblacht nua. D'fhan sé sa tír sin ó Mheitheamh sa bhliain 1919 go dtí Mí na Nollag sa bhliain 1920, nuair a bhí [[Cogadh na Saoirse (Éire)|Cogadh na Saoirse]] á chur in Éirinn. B'é [[Mícheál Ó Coileáin]] a bhí i gceannas sa bhaile agus de Valera as láthair, nó bhí an Coileánach ina Aire Airgeadais ag an am.
Line 54 ⟶ 71:
== Conradh Angla-Éireannach ==
 
I mí Lúnasa [[1921]], d'athraigh de Valera bunreacht na Dála chun oifig nua a chruthú dó fhéin - Uachtaránacht na Poblachta. Nuair a tháinig deireadh leis na cathanna ar an [[11 Iúil]] 1921 le sos cogaidh, cuireadh toscaireacht go [[Londain]] le dul i gcomhchainteanna leis na Sasanaigh. Cé gurbh é de Valera a bhí i gceannas ar an bPoblacht thar aon rud eile, ní raibh sé ar an toscaireacht. [[Íomhá:Eamon de Valera c 1922-30.jpg|clé|236x236px|thumb|De Valera, 1922|alt=]]Chuaigh cúigear fear eile go Sasana ina ionad. D'áitigh de Valera gur cheart dó fanacht in Éirinn le haire a thabhairt don tír ar feadh na tréimhse deacra seo. Cuirtear ina leith freisin, áfach, go raibh a fhios aige nach raibh ach drochsheans ag na hÉireannaigh neamhspleáchas iomlán a bhaint amach dá dtír, agus gurbh fhearr leis gan an fhreagracht pholaitiúil a ghlacadh air as aon droch-chonradh síochána. Síníodh an [[Conradh Angla-Éireannach]] ar an [[6 Nollaig]] 1921, ach ní raibh de Valera sásta leis ar chor ar bith. Níor thug sé aitheantas don Chonradh, ós rud é gur fhág sé srianta le neamhspleáchas na hÉireann, ar nós [[Calafoirt an Chonartha]], an chríochdheighilt, agus an mhóid dílseachta don Rí a chaithfeadh na Teachtaí Dála a thabhairt. Bhí díospóireacht bhinbeach ar an Dáil faoin gConradh, agus sa deireadh, chuaigh ceist an Chonartha ar vóta ar an [[7 Eanáir]] [[1922]]. Chaill de Valera agus na frith-Chonraitheoirí an vóta, nó ní bhfuair siad ach 57 vóta in aghaidh 64 cinn a fuair an Conradh. Shiúil de Valera agus lucht a thacaíochta amach as seomra cruinnithe na Dála tar éis an vóta lena míshástacht a léiriú.
 
Bhí díospóireacht bhinbeach ar an Dáil faoin gConradh, agus sa deireadh, chuaigh ceist an Chonartha ar vóta ar an [[7 Eanáir]] [[1922]]. Chaill de Valera agus na frith-Chonraitheoirí an vóta, nó ní bhfuair siad ach 57 vóta in aghaidh 64 cinn a fuair an Conradh. Shiúil de Valera agus lucht a thacaíochta amach as seomra cruinnithe na Dála tar éis an vóta lena míshástacht a léiriú.
== Cogadh Cathartha na hÉireann ==
[[Íomhá:Éamon de Valera 03.jpg|thumb|220px|"Dev", timpeall 1920.]]
 
== Cogadh Cathartha na hÉireann ==
[[Íomhá:Eamon de Valera c 1922-30TIME-1932.jpg|clé|220pxmion|thumb233x233px|De Valera.1932]]
D'éirigh de Valera as an Uachtaránacht, agus ansin, thosaigh an [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Cogadh Cathartha]] in Éirinn. Bhí de Valera ag tacú leis na Poblachtánaigh, is é sin, iad siúd a bhí ag cur i gcoinne Arm an tSaorstáit, is é sin, na fórsaí armtha a bhí díreach á n-earcú agus á n-inleadh ag rialtas an stáit nua Éireannaigh. Thosaigh na cathanna ar an [[28 Meitheamh]] 1922, nuair a ghlac na frith-Chonraitheoirí seilbh ar [[na Ceithre Chúirteanna]] i mBaile Átha Cliath. Cé gur thacaigh sé leis na frith-Chonraitheoirí, ní raibh aon chéimíocht oifigiúil ag de Valera san IRA agus mar sin liostáil sé san eagraíocht arís mar ghnáth-Óglach. Deirtear gur bhuail de Valera le [[Risteard Ó Maolchatha]] faoi rún i mBaile Átha Cliath ar an [[8 Meán Fómhair]] sa bhliain chéanna, agus iad ag iarraidh stad a chur leis an troid. Theip orthu, áfach, agus lean an slad ar aghaidh.
 
Bhí an chuma ar an scéal gurbh é de Valera a bhí ina cheannaire ar na frith-Chonraitheoirí, ach ní raibh mórán tionchair ná cumhachta aige i rith an chogadh. I bpáirc an áir, b'é [[Liam Ó Loingsigh]], Ceann Foirne an IRA a bhí i gceannas, agus níor chuir de Valera a ladar sa ghnó seo. Ar an [[25 Deireadh Fómhair]], bhunaigh de Valera agus roinnt de na teachtaí dála frith-Chonartha eile "rialtas Poblachtach" dá gcuid féin, a bheadh i bhfeidhm mar rialtas sealadach. Ní raibh aon údarás aige arís, ámh.

Lean an cogadh ar aghaidh, chomh fuilteach is a bhí sé riamh, agus cailleadh cuid de na ceannairí móra - [[Micheál Ó Coileáin]], [[Art Ó Gríofa]] agus [[Robert Erskine Childers]] ina measc. I mí Márta [[1923]], ghlac de Valera páirt i gcruinniú an IRA agus rinne siad iarracht socrú a dhéanamh ar thodhchaí an chogadh. Ceaptar go raibh de Valera i bhfabhar le deireadh a chur leis, ach ní raibh aon vóta aige agus mhair an troid fós. Maraíodh an Loingseach ar [[10 Aibreán]], agus tháinig [[Proinsias Mac Aodhagáin]] i gcomharbas air mar Cheann Foirne. [[Íomhá:Éamon de Valera 03.jpg|thumb|220px|"Dev"]]

B'eisean a d'fhógair sos cogaidh ar an [[30 Bealtaine]], agus d'aontaigh de Valera leis an socrú seo. Thóg sé óráid cáiliúil ansin ina ndúirt sé: "Ní féidir an Phoblacht a chosaint go rathúil as seo amach le bhur gcuid arm". Ag deireadh an chogadh, gabhadh a lán de na frith-Chonraitheoirí agus iad ag teacht abhaile ón troid. hAimsíodh de Valera féin i g[[Contae an Chláir]], agus cuireadh faoi ghlas é.
 
== Fianna Fáil ==
Nuair a bhí an tIRA éirithe as an gcogaíocht, bhí de Valera réidh chun dul le polaitíocht arís eile. Ar dtús, áfach, gabhadh arís é in [[Iúr Chinn Trá]], nuair a thrasnaigh sé an teorainn isteach go [[Tuaisceart Éireann]] gan cheadúnas dlíthiúil. Chaith sé mí i mbraighdeanas aonair i b[[Príosún Bhóthar Chromghlinne]] i m[[Béal Feirste]]. Ar ais leis le Sinn Féin, agus dhearbhaigh Dev gur ba cheart dóibh bunreacht an tSaorstáit nua a ghlacadh, ar acht go gcaithfí an mhóid dílseachta i dtraipisí. Chuaigh an cheist ar vóta, ach ní raibh an bua aige an turas seo.

Dá dheasca sin, d'éirigh de Valera as uachtaránacht an pháirtí. Ina áit sin, chuir sé bun le páirtí nua, mar atá, [[Fianna Fáil]], sa bhliain [[1926]], agus chuaigh sé féin i gceannas air. D'éirigh leis an bpáirtí nua go maith ar fud na tíre, agus thosaigh de Valera ag cur i gcoinne na móide dílseachta arís. Bhain sé triail as na cúirteanna leis an móid a chur ar ceal. Tháinig athrú cuma ar na cúrsaí go léir ar an [[10 Iúil]], [[1927]] nuair a maraíodh [[Caoimhín Ó hUiginn]], Leas-Chathaoirleach na hArdchomhairlí. Tar éis na heachtra seo, rith an rialtas bille nua a chuir d'fhiachaibh ar na Teachtaí go léir agus, fiú, ar na hiarrthóirí, an mhóid dílseachta a thabhairt. Ní raibh Fianna Fáil sásta leis, ach ní raibh an dara suí sa bhuaile acu. D'aontaigh de Valera agus Fianna Fáil an mhóid a thabhairt sa bhliain 1927, agus iad ag áitiú nach raibh ann ach briathar gan bheart.
[[Íomhá:Éamon de Valera, 1946.jpg|mion|1946]]
Sa bhliain [[1932]] b'é Fianna Fáil an páirtí ba láidre sa Dáil, agus toghadh de Valera ina Uachtarán ar an [[Ardchomhairle]]. Ní raibh an troid i gcoinne na móide thart ar chor ar bith, agus thosaigh de Valera ag iarraidh é a chur ar ceal go hiomlán. Cúis eile a bhí aige ná na hanáidí feirme a bhí le híoc leis an mBreatain Mhór. Chuir sé stad leis na híocaíochtaí seo, agus chuir na Breatanaigh smachtbhannaí eacnamaíocha ar onnmhairí Éireannacha mar dhíoltas. Cuireadh tús le [[Cogadh Eacnamaíoch Angla-Éireannach|Cogadh Eacnamaíoch]] idir an dá thír a mhair go dtí an bhliain [[1938]].

Ba mhaith le de Valera fáil réitithe de Sheanascal Shaorstát Éireann freisin, nó siombail thábhachtach eile a bhí ann d'fhorlámhas na Breataine Móire. Bhí sé ag iarraidh an oifig a chur ar ceal nó an bonn a bhaint de i gcónaí. Nuair a d'éirigh [[Séamus Mac Néill (Seanascal)|Séamus Mac Néill]] as an bpost, fuair de Valera seans fear dá chuid féin a roghnú don tSeanasclacht. Roghnaigh sé [[Domhnall Ua Buachalla]], seanlaoch Éireannach a throid in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Ba mhaith le de Valera Mac Uí Bhuachalla a choinneáil i bhfad ó shúil an tsaoil mhóir, agus dá thoradh sin, bhí an tSeanasclacht féin ina ceap magaidh ag na daoine. Ansin, bhí sé furasta ag de Valera an post a ghlacadh dó féin níos déanaí.
 
== Ré na Práinne ==
 
Nuair a phléasc [[an Dara Cogadh Domhanda]] amach, cuireadh rialtas éigeandála i bhfeidhm ar Éirinn, agus is gnách [[Ré na Práinne]] a thabhairt ar thréimhse an chogaidh, i bhfianaise an dóigh a ndeachaigh an cogadh i gcion ar na hÉireannaigh. D'fhógair de Valera, áfach, go bhfanfadh an tír amach ón gcogadh, agus an tír ag cloí le polasaí dian na neodrachta. Chuir [[Winston Churchill]] agus rialtas na Breataine an-bhrú air dul chun cogaidh i gcoinne [[an Ghearmáin|na nGearmánach]]. Meastar go raibh de Valera ag iarraidh a thaispeáint don tsaol mhór gur tír neamhspleách í Éire, agus mar sin, ní fhéadfadh sé comhoibriú leis na Briotanaigh.

Ceaptar go raibh pleananna ag [[Adolf Hitler]] fórsaí armtha a chur ar garastún in Éirinn, agus is fíor go raibh craobh de chuid an IRA ag tacú leis an scéim seo. Bhí rialtas na hÉireann agus na Gearmánaigh i dteagmháil éigin le chéile leis an bhféidearthacht seo a phlé, ach sa deireadh thiar thall, chloígh de Valera leis an neodracht. Bhí a fhios aige go raibh seans ann go ndéanfadh na Gearmánaigh ionradh pé scéal é, agus dá réir sin, chuir sé na mílte Óglaigh de chuid an IRA faoi ghlas.

Bhí bagairt eile ann freisin, mar atá, ionradh na mBriotanach. Pléadh an cheist seo sa Dáil fosta. Mhair neodracht na hÉireann go dtí deireadh an chogaidh. Ar an taobh eile, is féidir a rá nárbh fhíor-neodracht í in aon chor, ach "neodracht i bhfabhar leis na Comhghuallaithe". Mar shampla:
 
* Thug rialtas na hÉireann cabhair do na comhghuaillithe. Bhí siad i dtuilleamaí eolas meitéareolaíochta ó Éirinn leis an lá ceart a shocrú d'ionsaí an [[D-Day]].
Line 80 ⟶ 112:
* Liostáil 45,000 fear ón Saorstát sna saighdiúirí ag na Comhghuaillithe as a stuaim féin ([[Patrick Clancy]] agus a dheartháir [[Tom Clancy]] ina measc, iar-Óglaigh de chuid an IRA), agus ní dhearna rialtas de Valera a dhath le hiad a stopadh, cé gur chuir sé cosc le daoine roimhe sin páirt a ghlacadh i g[[Cogadh Cathartha na Spáinne]].
 
* [[Íomhá:Éamon de Valera, President of Ireland, in 1960s (43915959314).jpg|mion|circa 1964 ]]Nuair a cailleadh Hitler ag deireadh an chogaidh, thug de Valera cuairt ar Eduard Hempel lena chomhbhrón a chur in iúl. Chuir an eachtra seo iontas ar a lán daoine, go háirithe ó tharla nár shínigh de Valera an leabhar comhbhróin nuair a fuair [[Franklin Delano Roosevelt|Franklin Roosevelt]] bás.
 
== Na blianta i ndiaidh an chogaidh ==
== Uachtarán na hÉireann ==
[[Íomhá:Devgrave.jpg|250px|deas|thumb|Uaigh de Valera i [[Reilig Ghlas Naíon]], Baile Átha Cliath.]]
Thosaigh cumhacht de Valera agus Fianna Fáil ag dul i laghad sna blianta iarchogaidh. Cuireadh as oifig iad sa bhliain [[1948]], agus tháinig an chéad chomhrialtas ar an bhfód ina dhiaidh sin. B'é [[Seán A. Mac Coisdealbha]] a bhí ina Thaoiseach ar an gcomhrialtas. Ag an am sin, bhí sé bliana déag caite ag de Valera i gceannas ar an tír, agus na hÉireannaigh ag éirí tuirseach de. D'fhill de Valera ar an Dáil ina cheannaire ar an bhfreasúra, agus é ag iarraidh ceist na Críochdheighilte a choinneáil os comhair an tsaoil mhóir sa bhaile agus i gcéin. Ar an [[18 Aibreán]] [[1949]], gaireadh Poblacht d'Éirinn, agus d'éirigh an tír as an gComhlathas.
 
Sa bhliain [[1951]], bhain de Valera amach oifig an Taoisigh arís, ach ní raibh tromlach aige sa Dáil. Meastar gurbh é sin an rialtas ba mheasa dá raibh sé air riamh, nó ní raibh ann ach na seanfhondúirí céanna nár rith aon smaoineamh nua leo idir an dá linn. Ní nárbh ionadh, chaill Fianna Fáil an t-olltoghchán sa bhliain [[1954]]. Trí bliana ina dhiaidh sin, bhí de Valera ina Thaoiseach arís, agus é le fanacht i gceannas ar an tír an chéad sé bliana déag eile. Chuir Fianna Fáil beartas nua eacnamaíochta i bhfeidhm, an Chéad Chlár Forbartha Eacnamaíochta. Níor spáráil sé an lámh láidir ar an IRA ach an oiread, nó bhí sé sásta Óglaigh agus gníomhaithe Poblachtánacha a imtheorannú, is é sin, iad a chur faoi ghlas gan phróis cheart dlí. Sa bhliain [[1959]], d'fhág de Valera oifig an Taoisigh ag a chomharba [[Seán Lemass]].
 
=== Uachtarán na hÉireann ===
Sa bhliain [[1959]], toghadh de Valera ina Uachtarán ar an tír don chéad uair. Ar an 25 Meitheamh 1959 insealbhaíodh é mar Uachtarán Éireann.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.rte.ie//archives/exhibitions/eamon-de-valera/720802-inauguration-of-the-president-of-ireland/|teideal=Inauguration of the President of Ireland|language=en|work=RTÉ Archives|dátarochtana=2020-06-25}}</ref>. Chaith sé dhá théarma san oifig<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.youtube.com/watch?time_continue=21&v=IZWoYF6kRqQ&t=75|teideal=Agallamh as Gaeilge|údar=de Valera ina Uachtarán|dáta=1962|dátarochtana=2020}}</ref>.
 
D'éirigh sé as sa bhliain [[1973]], agus é deich mbliana is ceithre scór d'aois.
 
Sa bhliain chéanna, toghadh de Valera ina Uachtarán ar an tír, agus chaith sé dhá théarma san oifig. D'éirigh sé as sa bhliain [[1973]], agus é deich mbliana is ceithre scór d'aois. Fuair sé bás dhá bhliain ina dhiaidh sin ar an [[29 Lúnasa]] [[1975]], i dteach altranais ar an [[An Charraig Dhubh|gCarraig Dhubh]] i mBaile Átha Cliath. Cailleadh a bhean Síle i mí Eanáir sa bhliain chéanna, agus cuireadh in aice le chéile iad i [[Reilig Ghlas Naíon]].
 
Cailleadh a bhean Síle i mí Eanáir sa bhliain chéanna, agus cuireadh in aice le chéile iad i [[Reilig Ghlas Naíon]].[[Íomhá:Devgrave.jpg|250px|deas|thumb|Uaigh de Valera i [[Reilig Ghlas Naíon]], Baile Átha Cliath.]]
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.president.ie/index.php?section=35&lang=ire Beathaisnéis ghearr ar shuíomh Uachtaráin na hÉireann ]