An difríocht idir athruithe ar: "Fianna Fáil"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Cur cothrom le dáta
AdamLibh (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 15:
|gréasáin = [http://www.fiannafail.ie www.fiannafail.ie]
|Grúpa sa Parlaimint na hEorpa=Renew Europe}}
Is [[Páirtí polaitíochta|pairtí polaitiúil]] é '''Fianna Fáil''' i b[[Poblacht na hÉireann]]. Tá siad ar an bpáirtí is mó i rialtas na hÉireann: tá séúr airí sinsearacha acu as cúigear déag, agus tá a gceannaire, [[Mícheál Ó Máirtín]], ina [[Taoiseach|Thaoiseach]] i láthair na huaire. Fuair an páirtí 22.2% de na vótaí céad-rogha agus 37 suíochán Dála in [[Olltoghchán na hÉireann, 2020|Olltoghchán 2020]], iad sa dara háit ó thaobh vótaí agus iad ag roinnt na céad áite le [[Sinn Féin]] ó thaobh suíochán.
 
Inniu, dearctar go ginearálta ar Fhianna Fáil mar páirtí atá ar an [[Eite dheis|eite lár-dheis]] ó thaobh na heacnamaíochta de, agus iad ag tacú le cáineacha ísle agus polasaithe a thacaíonn leis na gnóthaí, ach ag tacú le caitheamh níos airde ar na seirbhísí poiblí, ar an tithíocht, agus ar an gcosaint shóisialta i gcomparáid lena dteastaíonn ón bpáirtí traidisiúnta eile in Éirinn, [[Fine Gael]]. Ar cheisteanna sóisialta, meastar go bhfuil Fianna Fáil sách coimeádach, agus an chuid is mó de [[Teachta Dála|Théachtaí Dála]] an pháirtí, mar shampla, ag tacú le vóta 'Níl' sa reifreann ar aisghairm an 8ú leasú ([[:en:Thirty-sixth_Amendment_of_the_Constitution_of_Ireland|en]]). Tacaíonn an páirtí go láidir le ballraíocht na hÉireann san [[An tAontas Eorpach|Aontas Eorpach]], agus tá siad páirteach sa ghrúpa 'Athnualaigh', grúpa láir agus [[Liobrálachas|liobrálach]], i [[Parlaimint na hEorpa|bParlaimint na hEorpa]]