An difríocht idir athruithe ar: "Comhaontas Glas"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Cur cothrom le dáta
Líne 18:
Is é '''An Comhaontas Glas''' ([[Béarla]]: ''The Green Party'') páirtí polaitiúil glas na h[[Éire]]ann. Bunaíodh i m[[Baile Átha Cliath]] sa bhliain [[1981]] é faoin ainm '''Páirtí Éiceolaíochta na hÉireann''' (''Ecology Party of Ireland'' as Béarla), ach athraíodh an t-ainm go '''The Green Party/An Comhaontas Glas''' sa bhliain [[1987]]. Tháinig fás suntasach ar '''Na Glasaigh''' mar a ghlaoitear orthu, agus sa lá atá inniu ann tá ionadaithe acu ar gach leibhéal rialtais in Éirinn agus san [[an Eoraip|Eoraip]].{{fíoras}} Chomh maith leis sin, tá cónaidhm comhoibrithe speisialta acu le Páirtí Glas Thuaisceart Éireann ó 2006. Cuid de ghluaiseacht idirnáisiúnta na nGlasach é an Comhaontas Glas. Tá eagraíocht óige bainteach leis an bpáirtí chomh maith, mar atá, [[Óige Ghlas]].
 
Meastar go ginearálta gur páirtí den [[eite chlé]] atá sa Chomhaontas Glas, agus iad ag tacú le dáileadh níos cothroime d'airgead agus d'acmhainní eile, ról níos mó ag an rialtas i ndul i ngleic leis an easpa dídine, cáineacha níos airde ar na daoine saibhre, agus tacaíochtaí sóisialta níos fearr do na daoine bochta.<ref name=":0">{{Lua idirlín|url=https://spunout.ie/life/article/green-socdems-sol-pbp|teideal=Irish political parties: The Green Party, Social Democrats, and…|language=en|work=SpunOut.ie - Ireland's Youth Information Website|dátarochtana=2020-01-03}}</ref> I láthair na huaire, áfach, tá an páirtí i [[Comhrialtas|gcomhrialtas]] le dhá pháirtí níos mó, [[Fianna Fáil]] agus [[Fine Gael]], a meastar a bheith ar an [[eite dheis]]. Páirtí [[Liobrálachas|liobrálach]] i dtaobh na gceisteanna sóisialta atá ann chomh maith, iad ag tacú mar shampla le haisghairm an ochtú leasú i bPoblacht na hÉireann i 2018.<ref name=":0" />
 
== Bunú an Pháirtí ==
Líne 131:
|7.1%
|12
|Comhrialtas de chuid Fhianna Fáil, Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais
|
|}