An difríocht idir athruithe ar: "Ráth Mealtain"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Líne 21:
Is díol suntais é Ráth Mealtain mar gurb é ceann de na bailte is líonmhaire [[Preispitéireachas|Preispitéireach]] i [[Poblacht na hÉireann|bPoblacht na hÉireann]]: bíodh go bhfuil na Preispitéirigh ina mionlach sa bhaile, tá dúchas Preispitéarach láidir aige. Tá an foirgneamh is sine a tógadh in Éirinn le haghaidh an adhraidh Phreispitéaraigh ag an bhaile; an Seanteach Tionóil ar Lána an Chúil. Is é Ráth Mealtain fosta áit bhreithne Phroinsiais Makemie, bunaitheoir an Phreispitéarachais sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]]. Mar gheall ar éagsúlacht creideamh an bhaile, tá trí eaglais aige, in ainneoin a dhaonra go coibhneasta beag: eaglais [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Chaitliceach]], eaglais Phreispitéarach, agus eaglais de chuid [[Eaglais na hÉireann|Eaglaise na hÉireann]].
 
Bhí an baile ina chalafort tábhachtach sa 18ú aois; d'onnmhairítí [[Líon (planda)|líon]], a d'fhásaítí go logánta agus a phróiseáiltí sa bhaile ag ionad ar a dtugtar an ''Tanyard'', agus [[gaineamhchloch]] Chloich Chionnaola amach as, agus bhíodh longa ag seoladh go rialta idir Ráth Mealtain, [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]], agus [[Kingston, Jamaica|Kingston]], [[Iamáice]], ag iompú ar ais go Ráth Mealtain táirgí talmhaíochta déanta ag an seirbhístseirbhís dintiúir agus an [[sclábhaíocht]] sna Meiriceaithe, i measc rudaí eile.<ref>''Donegal Highlands - Paintings and Stories from North West Donegal''; Liam Ronayne agus Pat Cowley; Cottage Publications, 1999. ISBN 9781900935074</ref> Chaill an baile tábhacht mar chalafort fad is a d'éirigh na longa níos mó agus a d'aistrigh an cheird seo go dtí calafort níos mó [[Doire|Chathair Dhoire]]. Sa 19ú aois, osclaíodh iarnród idir Doire agus [[Leitir Ceanainn]], baile atá anois ar lár eacnamaíochta an chontae, ach níor fhadaíodh é riamh go Ráth Mealtain, rud a chabhraigh níos mó fós le claochlú coibhneasta an bhaile. Ina ainneoin sin, tá ag an bhaile go fóill a ché agus a stórais shainiúla, a úsáidtear ina lán saothar ealaíne a thaispeánas an baile.
 
== Féilte ==