An difríocht idir athruithe ar: "Sasana"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Líne 136:
[[Íomhá:Boris-johnson-speaking-flag-8.jpg|mion|Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, [[Boris Johnson]]]]
Is [[daonlathas]] parlaiminte ''de facto'' í an [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]], a bhfuil Sasana ina chuid de, cé go bhfuil ceart ''de jure'' ag an [[Eilís II na Ríochta Aontaithe|mbanríon]] diúltú le dlí ar bith as an bparlaimint. Toisc go nglactar de réir a chéile nach gceadófaí leis an mbanríon diúltú le dlithe na parlaiminte i ndáiríre, is féidir a mhaíomh gurb ag an bparlaimint amháin atá an chumhacht ardcheannasach sa Ríocht Aontaithe – tá an tír neamhchoiteann ar an nós nach bhfuil bunreacht scríofa aici; mar sin, is féidir leis an bparlaimint dlí ar bith a athrú ach amháin le tromlach simplí i vóta parlaiminte. Tá parlaimintí cineachta ag [[Tuaisceart Éireann]], ag an [[Albain]], agus ag an [[An Bhreatain Bheag|mBreatain Bheag]] (faoi réir dheireanach na parlaiminte in Westminster), ach níl a leithéid ag Sasana féin.
Is é an [[An Páirtí Coimeádach (An Ríocht Aontaithe)|Páirtí Coimeádach]] an páirtí a fuair an méid is mó vótaí i Sasana san [[Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2019|olltoghchán is deireanaí]] (47.3%), leannaithe ag [[Páirtí an Lucht Oibre (an Ríocht Aontaithe)|Páirtí an Lucht Oibre]] (33.9%), an [[An Páirtí Daonlathach Liobrálach|Páirtí Daonlathach Liobrálach]] (12.3%), an [[Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige|Páirtí Glas]] (3.0%), agus [[Brexit Party|Pairtí an Bhreatimeachta]] (2.0%). Úsáideann an Ríocht Aontaithe córas vótála 'céad duine abhaile' ina cuid olltoghchán, ar fud 650 toghcheantar a thoghann feisire amháin gach aon; mar sin,: tugann sé seo buntáiste mór do na páirtithe móra i bpolaitíocht Shasana. I vótáil an [[Breatimeacht|Bhreatimeachta]] sa bhliain 2016, ba é Sasana an tír a vótáil ba mhó i bhfabhar an Bhreatimeachta i measc ceithre náisiún na Ríochta Aontaithe: 53% de vótóirí i Sasana thar n-ais 52% sa Ríocht ar fad.
 
Tá dhá chineál riaracháin áitiúla i Sasana: sna réigiúin níos tuaithiúla, bíonn dhá leibhéal rialtais go ginearálta: comhairlí contae taobh thuas agus comhairlí áitiúla fúthu sin; sna réigiúin níos uirbí, bíonn leibhéal amháin de ghnáth, ar a dtugtar ''unitary authority'' ('údarás aonadach') sna réigiúin níos tuaithiúla díobh sin, nó ''borough'' ('buirg') sna ceantair is uirbí ar fad.