An difríocht idir athruithe ar: "Biosmat"

Content deleted Content added
Minorax (plé | dréachtaí)
png -> svg
No edit summary
Líne 13:
Miotal trom sobhriste é an biosmat agus blas beag pinc ar an loinnir gheal atá ann. Ó thaobh na ceimice de, tá sé cosúil leis an [[arsanaic]] agus leis an [[antamón]], agus is í an ghnáthuimhir ocsaídiúcháin a bhíonn aige sna comhdhúile ná +3. Úsáidtear an biosmat i dtáirgí cosmaideacha agus sa leigheaseolaíocht, go háirithe le húsáid na luaidhe a sheachaint. Tá comhdhúile áirithe de chuid an bhiosmait nimhiúil go leor, ach tríd is tríd, ní bhíonn an biosmat leath chomh nimhiúil leis an [[luaidhe]].
 
Dúil [[Radaighníomhaíocht|radaighníomhach]] é an biosmat. Ar feadh i bhfad, shíltí go raibh iseatóp nádúrtha an bhiosmait, <sup>209</sup>Bi, ar an núiclíd chobhsaí ba troime a bhí ann. Ón taobh eile de, bhí an chuma ar an scéal go gcaithfeadh an t-iseatóp sin féin a bheith radaighníomhach ar chúiseanna teoiriciúla. Sa bhliain 2003, fuair na heolaithe in Orsay san Fhrainc amach gur núiclíd radaighníomhach a bhí ann dáiríribh, agus an t-[[Meath radaighníomhach|alfa-mheath]] ag teacht air. Ina dhiaidh sin féin, tá leibhéal na radaighníomhaíochta sin chomh híseal, agus [[leathré]] an iseatóip chomh fada, is gur féidir dearmad a dhéanamh di sa ghnáthshaol. Le fírinne, tá leathré an bhiosmait billiún uairoiread níos faide ná aois na hollchruinne féin.
 
Nuair a thiocfaidh biosmut gásaithe i dteagmháil le hocsaigin an aeir, ocsaídeofar go trí-ocsaíd dé-bhiosmait Bi<sub>2</sub>O<sub>3</sub>. Ocsaíd aigéadach atá inti agus í ag cruthú salann in éineacht le hiain na miotal. Tá dhá chineál ocsainian ag an ocsaíd seo, mar atá, BiO<sub>2</sub><sup>-</sup> agus BiO<sub>3</sub><sup>3-</sup>. Le fírinne, tá sé de chlaonadh sa dá chineál ainian polaiméirí a chruthú. Mar shampla, tá ainian ciúbach ochtaiméireach, Bi<sub>8</sub>O<sub>24</sub><sup>24-</sup> i gcomhdhúil an bhiosmait, an litiam agus na hocsaigine Li<sub>3</sub>BiO<sub>3</sub>.