An difríocht idir athruithe ar: "Téarmaíocht na Cúipéireachta"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 15:
Ag an gcúipeir is mó a bhíonn an tál ag obair. Bíonn scian fhonsaí freisin aige, nuair is fonsaí adhmaid a bhíonn aige. Bíonn iarann feireadh aige, ina theannta sin, le feireadh (feirbh) a dhéanamh le háit na tóna a ghearradh sa bharaille. Canda a thugtar ar chlár aonraic (tugann daoine ar "éadan” nó barr an bhairille é) an bhairille. Ruibh an áit a ngearrtar ar thóin an bhairille leis na maidí a chur síos ann. Is ionann feireadh agus gearradh ar dhéanamh V.
 
An tuireasg, nó an trosg a bhíonn acu leis an adhmad a ghearradh. Sin é an sean-ainm a bhí ar an [[sábh]]. Cáithín sábh an dusta, nó an deannach a thagas leis an sábh, nó an tuireasg. Min shábh nó min rádha?, ainmneacha eile air. Gírle-ma-guairle an dusta a thagann nuair a bheifeá ag tolladh leis an torathar[[tarathar]], nó an trathair. Poll trathar atá ar an bpoll a dhéanann sí. Bachallóg an rud atá ar a barr, nó barlóg. Na sciatháin an chuid atá isteach ón mbachallóig.
 
Bíonn [[gimléad]] ag obair ag an siúnéir le poll is lú ná sin a dhéanamh. Meanadh a bhíonn aige le poll a dhéanamh d’áit scriú, nó tairne; meanadh sáite an meanadh cruinn.