An difríocht idir athruithe ar: "Ciarán Ó Feinneadha"

gníomhaí teanga agus comhairleoir cánach as Bhaile Átha Cliath
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is gníomhaí teanga é '''Ciarán Ó Feinneadha''' ó Bhaile Átha Cliath, tógadh le Gaeilge ann é agus tá breis is 50 bliain caite aige ag s...'
(No difference)

Leagan ó 09:43, 10 Iúil 2020

Is gníomhaí teanga é Ciarán Ó Feinneadha ó Bhaile Átha Cliath, tógadh le Gaeilge ann é agus tá breis is 50 bliain caite aige ag saothrú ar son chur chun cinn na gcluichí Gaelacha trí Ghaeilge.

I 2010, bhí Ciarán i measc chomhbhunaitheoirí Na Gaeil Óga CLG, cumann CLG lán-Ghaeilge i mBÁC. Chaith Ciarán 5 bliana mar bhainisteoir ar fhoireann peile Na Gaeil Óga, áit ar bhain sé amach 5 ardú céime.

In imeacht na mblianta, tá sealanna caite ag Ciarán mar Chomhordaitheoir Spóirt agus mar Chathaoirleach Choiste Forbartha an chumainn freisin. Tá fás rábach tagtha ar an gcumann ó shin agus tá breis is 400 ball imeartha anois ag imirt do 22 fhoireann an chumainn idir peil, camógaíocht agus iomáint. Faoi láthair tá Ciarán ag feidhmiú mar Chathaoirleach na nÓg, áit a bhfuil sé ag stiúradh bhuanfhorbairt an chumainn i Leamhcán, áit a bhfuil struchtúr faoi aois gníomhach faoi bhláth ag Na Gaeil Óga atá ag freastal ar pháistí Ghaelscoileanna an cheantair.

Chaith Ciarán an chuid is mó dá laethanta imeartha le Clann Coláiste Mhuire i mBÁC, club a bhíodh ag freastal ar iar-scoláirí an Ghaelcholáiste aitheanta Coláiste Mhuire. Thosaigh Ciarán ag imirt le Clann Coláiste Mhuire i 1970. Is mar lántosach ar chlé is mó a chuimhneofar ar ghaiscí Chiaráin ar an bpáirc agus é mar chroílár fhoireann ré órga an chumainn idir 1978 agus 1983 nuair a d'éirigh leis an gclub dul ó Sóisear C go grád na Sinsear. Mhair gairm peile Ciarán chomh fada le 1999 agus bhuaigh sé dhá Craobh Idirmheánach i mBÁC mar aon le scata léigeanna agus corn. Le linn an achair seo, chomhlíon sé dualgais bhainistíochta agus rúnaíochta freisin.

Tá baint fadsaoil ag Ciarán le heagrúchán CLG. Chaith sé tréimhsí ar Choiste Naisiúnta Gaeilge CLG, mar Oifigeach Gaeilge le Coiste Chontae BHÁC, ar Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta agus ar Chomhchoiste Iománaíochta an Oireachtais.

Chaith Ciarán tréimhse bliana ag imirt le Cumann Mícheál Breathnach in Indreabhán Chontae na Gaillimhe agus naoi mbliana ag bainistiú fhoirne faoi aois Chumann Naomh Pádraig, Baile Phámair.

Thuill Ciarán go leor aitheantais in imeacht na mblianta mar fheachtasóir a sheas leis an nGaeilge i gcónaí. Bhí sé mar dhuine de bhunaitheoirí an Fheachtais Náisiúnta Teilifíse a bhain TG4 amach. Bhí sé mar Chathaoirleach Bunaithe ar thrí Ghaelscoil i Leamhcán (Gaelscoil Naomh Pádraig, Gaelscoil Eiscir Riada agus Coláiste Cois Life). Bhí ceangal saoil aige freisin le Conradh na Gaeilge agus Ógras.



Is mór an mórtas do Chiarán an tacaíocht a fuair sé i gcónaí óna bhean chéile Máire Ní Choileáin, na laethanta a chaith sé ag imirt lena dheartháireacha Pádraig agus Colm le Clann Choláiste Mhuire agus na cuimhní atá aige dá phaistí Fiadhna, Cormac, Ruadhán agus Neasa a bheith ag imirt leis Na Gaeil Óga CLG.