An difríocht idir athruithe ar: "Ciarán Ó Feinneadha"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
Is gníomhaí teanga
I 2010, bhí Ciarán i measc chomhbhunaitheoirí [[Na Gaeil Óga CLG]], cumann CLG lán-Ghaeilge i mBÁC. Chaith Ciarán 5 bliana mar bhainisteoir ar fhoireann peile Na Gaeil Óga, áit ar bhain sé amach 5 ardú céime.
In imeacht na mblianta, tá sealanna caite ag Ciarán mar Chomhordaitheoir Spóirt agus mar Chathaoirleach Choiste Forbartha an chumainn freisin. Tá fás rábach tagtha ar an gcumann ó shin agus tá breis is 400 ball imeartha anois ag imirt do 22 fhoireann an chumainn idir peil, camógaíocht agus iomáint. Faoi láthair tá Ciarán ag feidhmiú mar Chathaoirleach na nÓg, áit a bhfuil sé ag stiúradh bhuanfhorbairt an chumainn i Leamhcán, áit a bhfuil struchtúr faoi aois gníomhach faoi bhláth ag Na Gaeil Óga atá ag freastal ar pháistí Ghaelscoileanna an cheantair.
Líne 9:
Tá baint fadsaoil ag Ciarán le heagrúchán CLG. Chaith sé tréimhsí ar Choiste Naisiúnta Gaeilge CLG, mar Oifigeach Gaeilge le Coiste Chontae BHÁC, ar Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta agus ar Chomhchoiste Iománaíochta an Oireachtais.
Chaith Ciarán tréimhse bliana ag imirt le Cumann Mícheál Breathnach in Indreabhán Chontae na Gaillimhe agus naoi mbliana ag bainistiú fhoirne faoi aois Chumann Naomh Pádraig, [[Baile Phámair]].
Thuill Ciarán go leor aitheantais in imeacht na mblianta mar fheachtasóir a sheas leis an nGaeilge i gcónaí. Bhí sé mar dhuine de bhunaitheoirí an Fheachtais Náisiúnta Teilifíse a bhain TG4 amach. Bhí sé mar Chathaoirleach Bunaithe ar thrí Ghaelscoil i Leamhcán (Gaelscoil Naomh Pádraig, Gaelscoil Eiscir Riada agus Coláiste Cois Life). Bhí ceangal saoil aige freisin le [[Conradh na Gaeilge]] agus [[Ógras]].
[[catagóir:Gníomhaithe teanga]]
|