An difríocht idir athruithe ar: "Plé:Oulu"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
 
Líne 1:
Ba mhaith liom ainm Gaeilge a mholadh: Ólú. Tuairimí eile ag éinne? – [[Úsáideoir:Lyonskvn|Lyonskvn]] ([[Plé úsáideora:Lyonskvn|plé]]) 07:02, 11 Iúil 2020 (UTC)
:Ní thuigim cén fáth? Nach bhfuil an leagan 'Oulu' in úsáid i bhformhór na dteangacha eile anseo? [[Úsáideoir:Ériugena|Ériugena]] ([[Plé úsáideora:Ériugena|plé]]) 12:40, 11 Iúil 2020 (UTC)
::Tá an ceart agat, agus b'fhéidir gur drochsmaoineamh é – ach tá mé i mo chónaí in Oulu faoi láthair, agus bhí sé suimiúil dom nach raibh aon Gaeilge curtha ar chathracha na Fionlainne go dtí seo (seachas Heilsincí agus Túrcú). Chonaic mé freisin gur chur duine éigin Gaeilge ar [[An_Fhionlainn|réigúin na Fionlainne]] cheana féin, agus mar sin, cén fáth nach bhféadfadh duine ainm Gaeilge a chur ar Oulu freisin? Ach, mar a dúirt mé, seans gur drochsmaoineamh é. Níl mé ró-eolach ar na rudaí seo. – [[Úsáideoir:Lyonskvn|Lyonskvn]] ([[Plé úsáideora:Lyonskvn|plé]]) 14:47, 11 Iúil 2020 (UTC)
:::Ní drochsmaoineamh é, ach le blianta cuirtear cosc anseo ar logainmneacha nó eile a Ghaelú as ár stuaim féin. An fáth leis sin ná go bhfuil riail ar Wikipedia i gcoinne buntaighde a dhéanamh. Ar ndóigh, má tá leagan Gaeilge de logainm coimhthíoch in úsáid choitianta, ba chóir é a úsáid le haghaidh teidil. Mura bhfuil, úsáidtear an teanga áitiúil. Tamall siar baineadh úsáid as roinnt ainmneacha Gaelaithe i gcomhair réigiún san Fhionlainn. Bhí sé sin i gcoinne na rialacha agus nósanna seo againne, ach bhí sár-Ghaeilge ag an duine a cheap iad, tá baint aige leis an bhFionlainn agus sílim go raibh sár-scríbhneoir eile againn páirteach ann. Ba chóir dúinn cloí leis na rialacha, áfach. [[Úsáideoir:SeoMac|SeoMac]] ([[Plé úsáideora:SeoMac|plé]]) 15:07, 11 Iúil 2020 (UTC)
::::Déanann sin ciall. Míle buíochas as ucht an míniúchán cuimsitheach! (Tá an seanchomhrá faoi na réigiúin le fáil [[Plé_úsáideora:Panu_Petteri_Höglund#Gaeilge_ar_logainmneacha_na_Fionlainne/Sualainne|anseo]], má tá suim ag éinne ann.) [[Úsáideoir:Lyonskvn|Lyonskvn]] ([[Plé úsáideora:Lyonskvn|plé]]) 16:00, 11 Iúil 2020 (UTC)
::::: B’fhéidir go mbeadh sé níos torthúla ailt a scríobh a mhíneodh brí nó cúlra srl logainmneacha na Fionlainne??[[Úsáideoir:Ériugena|Ériugena]] ([[Plé úsáideora:Ériugena|plé]]) 16:21, 11 Iúil 2020 (UTC)
::::::B'fhéidir é, ach is é [[Úsáideoir:Panu_Petteri_Höglund|Panu]] an duine is fearr don jab sin, sílim. – [[Úsáideoir:Lyonskvn|Lyonskvn]] ([[Plé úsáideora:Lyonskvn|plé]]) 16:34, 11 Iúil 2020 (UTC)
Return to "Oulu" page.