An difríocht idir athruithe ar: "Na Gaeil Óga, CLG"

Content deleted Content added
Líne 24:
 
== Bunú an chumainn ==
Thosaigh Ciarán Mac Fheargusa ag cur suime i gcumann CLG lán-Ghaeilge sa bhliain 2010. Scaip sé ceistneoir ina thaobh agus fuair an-chuid freagraí dearfacha. Tháinig sé féin agus grúpaí éagsúla le chéile, mic léinn as [[COBÁC]] - Cathal Mac Dhaibhéid, Eoin P. Ó Murchú, agus Cormac Breathnach chomh maith le [[Ciarán Ó Feinneadha]], fear a raibh lámh aige i gclub lán-Ghaeilge a bhíodh lonnaithe i mBÁC cheana ach ar tháinig deireadh leis [[Clann Choláiste Mhuire]]. D'fhreastail scata beag acu ar an gcéad chruinniú áit a raibh Daithí De Buitléir, fear a bhí ina chéad chathaoirleach ar an gclub.
 
Tosaíodh ar thraenáil theoranta le buíon bheag i b[[Páirc an Fhionnuisce]] ag deireadh na bliana 2010. Smaoiníodh ar ainmeacha éagsúla ''Na Gaeil Óga'', ''Clann Baoiscne'' (a bhí mar ainm sealadach ar feadh scaithimh) agus ''Gaeil Dhuibhlinne''.