An difríocht idir athruithe ar: "Vladivostok"

Content deleted Content added
Líne 25:
Cathair in oirthear na [[An Rúis|Rúise]] is ea '''Vladivostok''' ([[Rúisis]]: Владивосток), i gcríoch Primor'e, is é sin, "an chríoch chois farraige". Is í príomhchathair na críche sin í. Sa bhliain 2019 bhí 605,049 duine ina gcónaí in Vladivostok, de réir an daonáirimh. Tá an chathair suite in aice le teorainneacha na Cóiré Thuaidh agus na Síne araon. "Rialtóir an Oirthir" is ciall d'ainm Rúisise na cathrach; an chéad ainm a bhí ar an áit ná ''Haixenwai'', sa teanga Manchúirise, agus is é is brí don ainm sin ná "sráidbhaile chois farraige". Chloisfeá an t-ainm Manchúirise ó na Sínigh freisin, cé gur fearr leo a dtraslitriú féin den ainm Rúisise a úsáid go hoifigiúil.
 
==BunúStair==
 
===Bunú===
 
Rinne na Rúisigh an chéad iarracht le háitreabh dá gcuid féin a bhunú san áit thiar sa bhliain 1860, ar an 20ú lá de Mheitheamh, nuair a rinne an long sholáthair úd ''Manchur'' cuan agus caladh ansin, de réir na n-orduithe a bhí faighte ag an gCaptaen Alexey Shefner. Ba iad an tOifigeach Barántais Nikolay Komarov, beirt oifigeach neamhchoimisiúnaithe eile agus ochtar saighdiúirí fichead a thóg na chéad fhoirgnimh arbh iad tús agus síol na cathrach nua iad.
Line 31 ⟶ 33:
Bhí na Sínigh ag dul le mianadóireacht óir timpeall na háite, agus sa bhliain 1868 chuir na Rúisigh cogadh - "Cogadh Manza" - ar an tSín leis na mianadóirí Síneacha a dhíbirt as an áit. Ní raibh sa chogadh seo ach an chéad iarracht a rinne an Rúis leis na criocha seo a shealbhú ón tSín. Sna 1870idí thosaigh na Rúisigh ag daingniú an cheantair in aghaidh na Síneach, agus lean na hoibreacha sin go dtí na 1890idí. Sa bhliain 1871 tarraingíodh líne sreangscéalaíochta ó Vladivostok go Nagasaki sa tSeapáin agus sa bhliain chéanna aistríodh gléasra poirt trádála ó Nikolaevsk-na-Amure go Vladivostok. Bronnadh cairt agus cearta cathrach ar Vladivostok sa bhliain 1880, agus trí bliana ina dhiaidh sin fuair an chathair armas: is é tíogar na Sibéire a sheasann do Vladivostok mar shuaitheantas ansin.
 
Osclaíodh an chéad mheánscoil san áit sa bhliain 1899, agus nuair a críochnaíodh an t-iarnród Tras-Sibéire sa bhliain 1916 - an bóthar iarainn a cheangail an chathair de Mhoscó agus den Eoraip, tháinig borradh ceart ar an ngeilleagar i Vladivostok.
 
===Ré an Aontais Shóivéadaigh===
 
I ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair ba iad na Boilséivigh a chuaigh i seilbh na cathrach, ach i rith Chogadh Cathartha na Rúise thit sí leis an Leigiún Seicshlóvacach, dream míleata a bhí ag comhoibriú le gluaiseacht na mBán. D'fhógair na Seicigh ceantar coimirce de chuid na Comhghuaillíochta den chathair, agus ansin thosaigh trúpaí Meiriceánacha, Seapánacha agus Síneacha ag tonnadh isteach ke ladar a chur i gcogadh cathartha na Rúise - na Sínigh ach go háirithe bhí siad ag iarraidh an pobal áitiúil Síneach a chosaint, ó bhí trádálaithe Síneacha na cathrach tar éis cabhair a lorg ó rialtas a dtíre dúchais. Nuair a thit an tóin as Arm na mBán agus an cogadh ag druidim chun deiridh, thréig na trúpaí idirghabhála an áit arís: d'fhág an saighdiúir deireanach iasachta Vladivostok i Mí Dheireadh Fómhair 1922 le himeacht na Seapánach, agus ar an 22ú lá den mhí chéanna shealbhaigh na trúpaí Boilséiveacha Rúiseacha an chathair faoi cheannas Ieronim Uborevich.
 
{{Síol}}