An difríocht idir athruithe ar: "Vladivostok"

747 bytes added ,  2 mhí ó shin
I ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair ba iad na Boilséivigh a chuaigh i seilbh na cathrach, ach i rith Chogadh Cathartha na Rúise thit sí leis an Leigiún Seicshlóvacach, dream míleata a bhí ag comhoibriú le gluaiseacht na mBán. D'fhógair na Seicigh ceantar coimirce de chuid na Comhghuaillíochta den chathair, agus ansin thosaigh trúpaí Meiriceánacha, Seapánacha agus Síneacha ag tonnadh isteach ke ladar a chur i gcogadh cathartha na Rúise - na Sínigh ach go háirithe bhí siad ag iarraidh an pobal áitiúil Síneach a chosaint, ó bhí trádálaithe Síneacha na cathrach tar éis cabhair a lorg ó rialtas a dtíre dúchais. Nuair a thit an tóin as Arm na mBán agus an cogadh ag druidim chun deiridh, thréig na trúpaí idirghabhála an áit arís: d'fhág an saighdiúir deireanach iasachta Vladivostok i Mí Dheireadh Fómhair 1922 le himeacht na Seapánach, agus ar an 25ú lá den mhí chéanna shealbhaigh na trúpaí Boilséiveacha Rúiseacha an chathair faoi cheannas Ieronim Uborevich.
 
Sa ré Shóivéadach ba í an chathair seo an príomh-láraonad do chabhlach cogaidh an Aontais Shóivéadach in oirthear na tíre, agus mar sin ní raibh cead isteach ag aon duine ón gcoigríoch ansin. Sa bhliain 1974 áfach tháinig [[Gerald Ford]], a bhí ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe san am, go Vladivostok le haghaidh comhchainteanna faoi theorannú na n-arm straitéiseach núicléach (na comhchainteanna ar a dtugtaí ''Strategic Arms Limitation Talks'' as Béalra, nó "SALT"). Sa bhabhta comhchainteanna sin d'éirigh leis an dá mhórchumhacht teorainn a chur le líon na mbuamaí adamhacha agus tógáil gléasra nua le haghaidh scaoileadh diúracán den chineál ICBM (diúracáin bhalaistíocha idir-ilchríochacha) a chosc.
 
 
{{Síol}}