An difríocht idir athruithe ar: "Vladivostok"

15 bytes added ,  2 mhí ó shin
Sa bhliain 2012 tháinig ceannairí na heagraíochta um chomhoibriú eacnamaíoch thíortha na hÁise agus an Aigéin Chiúin (APEC) le chéile in Oileán Russkii (An tOileán Rúiseach) taobh amuigh de Vladivostok. Spreagadh ab ea an cruinniú mullaigh seo do bhardas na cathrach agus do na gnóthais phríobháideacha araon chun ionaid saoire agus tithe itheacháin agus ólacháin a chur ar bun ar fud na cathrach agus an cheantair. Cuireadh caoi nua ar Aerfort Idirnáisiúnta Vladivostok freisin, agus tógadh dhá dhroichead nua le haghaidh lucht an chruinnithe. Sa bhliain 2012 a críochnaíodh oibreacha tógála na hollscoile - Ollscoil Fheidearálach an Chian-Oirthir - in Oileán Russkii freisin.
 
Sa bhliain 2020 ceiliúradh bunúcothrom lá bunaithe na cathrach go hoifigiúil, rud nár thaitin le náisiúnaithe áirithe sa tSín, nó is é a dtuiscint ar an scéal ná gur cuid den tSín i gcónaí an ceantar thart timpeall ar Vladivostok. Ní raibh rialtas na Síne ná meáin chumarsáide oifigiúla na Síne sásta aitheantas a thabhairt d'agóidíocht na náisiúnaithe sin, áfach, cé go mbíonn an tSín oifigiúil réasúnta sásta na náisiúnaithe Síneacha a ghiúmaráil má bhíonn an cineál sin agóide idir lámhaibh acu.
 
{{Síol}}