An difríocht idir athruithe ar: "Vladivostok"

Content deleted Content added
Líne 29:
===Bunú===
 
Rinne na Rúisigh an chéad iarracht le háitreabh dá gcuid féin a bhunú san áit thiar sa bhliain 1860, ar an 20ú lá de Mheitheamh, nuair a rinne an long sholáthair úd ''Manchur'' cuan agus caladh ansin, de réir na n-orduithe a bhí faighte ag an gCaptaen Alexey Shefner. Ba iadé an tOifigeach Barántais Nikolay Komarov, chomh maith le beirt oifigeach neamhchoimisiúnaithe eile agus ochtar saighdiúirí fichead a thóg na chéad fhoirgnimh arbh iad tús agus síol na cathrach nua iad.
 
Bhí na Sínigh ag dul le mianadóireacht óir timpeall na háite, agus sa bhliain 1868 chuir na Rúisigh cogadh - "Cogadh Manza" - ar an tSín leis na mianadóirí Síneacha a dhíbirt as an áit. Ní raibh sa chogadh seo ach an chéad iarracht a rinne an Rúis leis na criocha seo a shealbhú ón tSín. Sna 1870idí thosaigh na Rúisigh ag daingniú an cheantair in aghaidh na Síneach, agus lean na hoibreacha sin go dtí na 1890idí. Sa bhliain 1871 tarraingíodh líne sreangscéalaíochta ó Vladivostok go Nagasaki sa tSeapáin agus sa bhliain chéanna aistríodh gléasra poirt trádála ó Nikolaevsk-na-Amure go Vladivostok. Bronnadh cairt agus cearta cathrach ar Vladivostok sa bhliain 1880, agus trí bliana ina dhiaidh sin fuair an chathair armas: is é tíogar na Sibéire a sheasann do Vladivostok mar shuaitheantas ansin.