An difríocht idir athruithe ar: "Scitsibhéascna"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Téarma sochtheangeolaíochta é '''scitsibhéascna''' a thagraíonn don éiginnteacht faoin gcaighdeán nó faoin norm ceart teanga i bpobal teanga. Ba é an teang...'
 
No edit summary
Líne 1:
Téarma [[sochtheangeolaíochta]] é '''scitsibhéascna''' a thagraíonn don éiginnteacht faoin gcaighdeán nó faoin norm ceart teanga i bpobal teanga. Ba é an teangeolaí Ioruach-Mheiriceánach [[Einar Haugen]] a chruthaigh an téarma Béarla ''schizoglossia'' thiar sa bhliain 1963; is dócha gurbh í Bríd Ní Mhóráin a bhain an chéad úsáid as an leagan Gaeilge ''scitsibhéascna'' sa leabhar ''Thiar sa Mhainistir atá an Ghaelainn bhreá - Meath na Gaeilge in Uíbh Rathach'' (An Sagart, an Daingean 1997).
 
Is éard atá i gceist leis an scitsibhéascna ná go bhfuil níos mó ná aon norm amháin ar fáil don phobal teanga agus nach bhfuil na cainteoirí cinnte cé acu norm ba chóir dóibh a úsáid leis an teanga a mhúnlú air. Mar shampla, tá cuid de lucht labhartha na Gaeilge barúlach go mba chóir dóibh cloí leis an gCaighdeán Oifigiúil, cuid eile den tuairim gurbh fhearr dóibh aithris a dhéanamh ar sheanchanúint a réigiúin nó a nGaeltachta féin, fiú nuair nach ionann gramadach na canúna agus gramadach an Chaighdeáin.