An difríocht idir athruithe ar: "Scitsibhéascna"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 3:
Is éard atá i gceist leis an scitsibhéascna ná go bhfuil níos mó ná aon norm amháin ar fáil don phobal teanga agus nach bhfuil na cainteoirí cinnte cé acu norm ba chóir dóibh a úsáid leis an teanga a mhúnlú air. Mar shampla, tá cuid de lucht labhartha na Gaeilge barúlach go mba chóir dóibh cloí leis an gCaighdeán Oifigiúil, cuid eile den tuairim gurbh fhearr dóibh aithris a dhéanamh ar sheanchanúint a réigiúin nó a nGaeltachta féin, fiú nuair nach ionann gramadach na canúna agus gramadach an Chaighdeáin.
 
Mar shamplashamplaí eile: [[an Fhraincis]] chaighdeánach agusseachas [[Criól Fraincise Háítí]], agus [[Béarla Mheiriceá|Béarla Caighdeánach Mheiriceá]] seachas an [[Béarla Coiteann Afrai-Mheiriceánach]]. Sna cásanna seo, feictear go bhfuil ceann amháin de na teangacha go “dona”, is é sin nach teanga "cheart" í, agus ansin is iomaí cainteoir a bheadh ag iarraidh a theanga a cheartú agus a fhorcheartú agus teilgeanacha cainte nó tréithe gramadaí as an leagan "íseal" den teanga a sheachaint. Is gnách go gcuireann dearcadh diúltach ar an ngnáthurlabhra náire ar na cainteoirí faoi [[Úsáid (teanga)|chineálacha úsáide teanga]] nach bhfuil gradam ag roinnt leo, go hoscailte nó go hindíreach, trí leas a bhaint as saintréithe teanga a bhfuil meas an phobail orthu, amhail fhuaimeanna an leagain "ardchéime" den teanga.<ref>{{citation|url=|teideal =''Problems of Linguistic Insecurity in Multicultural Speech Contexts''|publisher = Annals of the New York Academy of Sciences |author= Wilma Bucci | author2=Milton Baxter|date= December 1984}}</ref>