An difríocht idir athruithe ar: "Sailtír Naomh Pádraig"

Content deleted Content added
Ag baint St_Patrick's_saltire.svg amach, agus ag chur Saint_Patrick's_Saltire.svg isteach mar ionadúchán. (Scrios CommonsDelinker é ón C...
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Saint Patrick's Saltire.svg |thumb|250px|Bratach Naomh Pádraig]]
Is [[bratach]] í '''Sailtír Naomh Pádraig''' (nó ''Cros Naomh Pádraig'' nó ''Bratach Naomh Pádraig''; ''Saint Patrick’s Saltire'' i mBéarla) a sheasann do [[Pobal Éireannach na Breataine|Éireannaigh]] sa [[An Bhreatain|Bhreatain]]. Tá an bhratach á húsáíd ón mbliain [[1800]] i leith sa [[Union Jack]].
 
== Úsáid ==
Is siombail í cros Naomh Pádraig ag [[Eaglais na hÉireann]] ([[Anglacánachas|Anglacánach]]).<ref name=":0">{{Lua idirlín|url=https://ccea.org.uk/downloads/docs/ccea-asset/Resource/Naomh%20P%C3%A1draig%20agus%20Daoine%20Creidmheacha%20Aonad%20T%C3%A9amach.pdf|teideal=Naomh Pádraig agus Daoine Creidmheacha|údar=CCEA|dáta=|dátarochtana=2020}}</ref> Cuireann roinnt [[Eaglais (foirgneamh)|eaglaisí]] ar foluain í ar [[Lá Fhéile Pádraig]], ar fhéilte eile agus ar ócáidí speisialta. Is í seo an t-aon bhratach amháin (diomaite de shiombail rós an chompáis a bhaineann leis an Chomaoin Anglacánach) atá ceadaithe go hoifigiúil ar [[Foirgneamh|fhoirgnimh]] de chuid Eaglais na hÉireann nó ar thailte na heaglaise.
[[Íomhá:Church of Ireland Innishannon.jpg|clé|mion|[[Inis Eonáin]], [[Eaglais na hÉireann]]]]
 
== Conspóidí ==
Creideann roinnt daoine nár chóir go mbeadh cros ag [[Naomh Pádraig]] cionn is, murab ionann is naoimh eile a bhfuil crosa luaite leo, nach ndearnadh [[mairtíreach]] de. Ach rinneadh mairtírigh den bheirt acu [[Naomh Seoirse]] agus [[Naomh Aindrias|Naomh Aindriú]].<ref name=":0" />
 
Creideann daoine eile, áfach, go bhfuil sé de cheart ag Naomh Pádraig a chros agus a bhratach féin a bheith aige agus iad a bheith mar chuid de bhratach na [[An Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]] cionn is gurb é Pádraig an t-aon naomh acu a raibh baint aige leis an tír a bhfuil sé luaite léi: [[Éire]]. i gcodarsnacht, is lú an fhianaise go raibh baint ag Naomh Seoirse le [[Sasana]] ná ag Naomh Aindriú le h[[Albain]].
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
[[Catagóir:Bratacha]]
[[Catagóir:Diaspóra Éireannach]]
[[Catagóir:Eaglais na hÉireann]]