An difríocht idir athruithe ar: "Ríshliocht Tang"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le ' Ba é '''ríshliocht Tang''' a bhí ag rialú na Síne sna blianta 618-907 i ndiaidh bhreith Chríost. Tá clú agus cáil ar thréimhse na Tang mar thái...'
(No difference)

Leagan ó 21:23, 2 Lúnasa 2020


Ba é ríshliocht Tang a bhí ag rialú na Síne sna blianta 618-907 i ndiaidh bhreith Chríost. Tá clú agus cáil ar thréimhse na Tang mar tháinig rath ar an Sín arís. Ba é Chang'an, príomhchathair na Tang, an chathair ba mhó daonra sa domhan.

Tháinig na Tang i ndiaidh na Sui, nuair a bhris an tImpire Gaozu (a saolaíodh faoin ainm Li Yuan) an cath ar na Sui. Ba é Gaozu an chéad Impire Tang, agus bhunaigh sé an ríshliocht. Ba mhac le Gaozu é an tImpire Taizong (a saolaíodh faoin ainm Li Shimin). Ba é Taizong an dara hImpire Tang, agus bhí sé ar na himpirí ba mhó le rá i stair na Síne.

Tháinig meath ar na Tang tar éis éirí amach An Lushan san ochtú haois. Tháinig feabhas ar an scéal sa 9ú haois, ach níor mhair an feabhas seo i bhfad. Tháinig deireadh le ríshliocht Tang sa bhliain 907, nuair a fuair Zhu Wen (an tImpire Taizu) an lámh ab fhearr ar na Tang.