An difríocht idir athruithe ar: "Impireacht na Róimhe"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 22:
Go bunúsach, is é is brí leis an nath Laidine ''Imperium Romanum'' ná "na tailte atá faoi smacht ag an Róimh" - is é sin, tá an focal úd ''imperium'' (cumhacht, údarás pearsanta) ag tagairt do na críocha féin atá i gceist. Sroicheann an impireacht a fhad is a thugtar aird ar ''imperium'' an Impire. Ó ré Ágastais go dtí an lá ar thit an leath Iartharach den Impireacht as a chéile faoi thionchar Imirce Mhór na Náisiún, Ba í an Róimh an ríocht ba mhó cumhachta, daonra agus achair in Iarthar na hEoráise agus i dTuaisceart na hAfraice. Thosaigh an Róimh ag dul i bhfairsinge i bhfad sular tháinig an mhonarcacht i leaba na poblachta, agus shroich sí barr a fairsinge i ré an Impire Traianus, nuair a cloíodh an Dáicia (i [[An Rómáin|Rómáin]] an lae inniu) sa bhliain 106. San am sin, bhí timpeall is 5,900,000 ciliméadar cearnacha de thailte faoi smacht na Róimhe. D'fhág an Róimh a sliocht ar chultúr, ar dhlí, ar theicneolaíocht, ar ealaíne, ar theangacha, ar reiligiún, ar rialtas, ar fhórsaí armtha, agus ar ailtireacht na sibhialtachtaí a tháinig i gcomharbas uirthi, agus is féidir a rá go gcaitheann an Róimh a scáth orainn inniu féin.
Scar dhá leath na hImpireachta - leath na Róimhe agus leath Chathair Chonstaintín - as a chéile, agus an bheirt acu ag tabhairt "Impireacht na Róimhe" orthu féin. Go traidisiúnta, glactar leis gur tháinig deireadh le hImpireacht na Róimhe ar an 4 Meán Fómhair 476, nuair a cuireadh Impire deireanach Iarthar na Róimhe, Romulus Augustus nó "Augustulus", as cumhacht, gan aon duine a ghlacfadh an ríchathaoir ina dhiaidh. Mar sin
== Forbairt na hImpireachta ==
Líne 91:
Chuir Chonstaintín I (Constaintín Mór) deireadh leis na cogaí cathartha a bhí á gcur san impireacht. Ba é Constaintín I an chéad impire a d'iompaigh ina Chríostaí, agus bhí líon na gCríostaithe ag dul i méid as sin amach. Bhunaigh sé príomhchathair nua in impireacht an Oirthir, Cathair Chonstaintín. As sin amach, ba í an Róimh príomhchathair an Iarthair agus ba í Cathair Chonstaintín príomhchathair an Oirthir. Cailleadh Constaintín sa bhliain 337.
=== Rítheaghlach Valentinianus ===
=== Athaontú faoi Theodosius ===
Ba é Theodosius Mór an t-impire deireanach a bhí ag rialú na Impireachta uile, idir oirthear agus iarthar. Fuair sé bás sa bhliain 395, agus tháinig meath ar an iarthar arís i ndiaidh a lae.
Go traidisiúnta, glactar leis gur tháinig deireadh le hImpireacht na Róimhe ar an 4 Meán Fómhair 476, nuair a cuireadh Impire deireanach Iarthar na Róimhe, Romulus Augustus nó "Augustulus", as cumhacht, gan aon duine a ghlacfadh an ríchathaoir ina dhiaidh.
|