An difríocht idir athruithe ar: "Maximilien Robespierre"
Content deleted Content added
m Removing Link GA template (handled by wikidata) |
Scrios mé "Glanadh' |
||
Líne 11:
}}
Duine de na ceannairí ba thábhachtaí i [[Réabhlóid na Fraince]] a bhí i '''Maximilien François Marie Isidore de Robespierre''' ([[6 Bealtaine]] [[1758]] – [[28 Iúil]] [[1794]]).
Bhí sé ina bhall de [[Coiste na Slándála Poiblí|Choiste na Slándála Poiblí]] agus ghlac sé páirt lárnach sa chuid den réabhlóid ar a tugtar [[Ré an Uafáis]], go dtí gur gabhadh agus cuireadh chun báis é sa bhliain 1794. Ceannaire dian agus cruálach ab ea é, ach neamh-éillitheach ag an am céanna, rud a thuill an leasainm "Robespierre Dochlaonta" dó. == Saol ==
Bhítí ag maíomh gur de bhunadh na hÉireann é ach dealraíonn sé nach bhfuil aon bhunús leis an ráiteas sin.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.facebook.com/UCDSchoolofLaw/posts/3498364926854473|teideal=UCD School of Law|údar=Scoil Dlí, COBAC|dáta=|language=ga|work=www.facebook.com|dátarochtana=2020-08-06}}</ref>
Thosaigh Robespierre ar an mbealach chuig an gcumhacht agus é ina [[abhcóide]] nuacháilithe, nuair a bhí sé ag obair ar son na gcliant bocht a bhí aige ina bhaile dúchais, [[Arras]]. Bhí sé ina ionchúisitheoir agus ina [[Breitheamh|bhreitheamh]] le linn dó páirt a ghlacadh sa pholaitíocht idir 1789 agus 1794.
Bhí sé thíos seal, thuas seal ó thaobh na polaitíochta de, ag brath ar thionchar na Seacaibíneach ag an am. Bhí sé i mbarr a chumhachta mar bhall de Choiste na Slándála Poiblí idir Iúil 1793 agus Iúil 1794.
Is é Robespierre a bhain úsáid den chéad uair as an mana "Saoirse, Comhionannas, Bráithreachas!" in óráid a thug sé i mí Meán Fómhair 1790.
=== Bású ===
Ar an 28 Iúil 1794 a dícheannadh gan triail é, i b[[Páras]], i gCearnóg na Réabhlóide, lá tar éis don Chomhdháil Náisiúnta é a shéanadh, in éineacht le ceannairí eile de Choiste na Slándála Poiblí, mar fhreagairt ar Ré an Uafáis a chuir siad i gcion ar an bPoblacht ó mhí Meán Fómhair na bliana roimhe sin.
== Tagairtí ==
{{reflist}}
[[Catagóir:Réabhlóid na Fraince]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1758]]
[[Catagóir:Básanna i 1794]]
[[Catagóir:Réabhlóidí]]
|