An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge"

32 bytes added ,  2 bhliain ó shin
no edit summary
(Ceartú ar earraíd gramadaí: sa Shean-Ghaeilge -> sa tSean-Ghaeilge)
No edit summary
=== An Nua-Ghaeilge ===
 
Le teacht an dóú haois déag, múnlaíodh an caighdeán nua—caighdeán a bhí sách cóngarach do chaint na ndaoine, an chuid ba mhó léinn acu ar a laghad—ar a dtugtar an [[Nua-Ghaeilge Chlasaiceach]]. Caighdeán sách dian atá inti, agus í saor go hiomlán ó gach cineál canúnachais. Is fíor go raibh cead ag na filí úsáid a bhaint as dhá leagan chanúnacha den fhocal chéanna le freastal ar riachtanais na ríme is na rithime (abair, ''clach'' agus ''cloch''), ach níorbh ionann sin is a rá go mbeadh an file seo níos claonta chun an leagan seo a úsáid agus an file úd eile níos doirte d'fhoirm a chanúna féin - bhíféin—bhí an bheirt acu ag úsáid an dá fhoirm, de réir mar a d'éilíodh dlíthe na filíochta.
 
Chuir tosach na séú haoise déag agus maidhm [[Cath Chionn tSáile|Chionn tSáile]] deireadh sách giorraisc le saothrú na Nua-Ghaeilge Clasaicí. An cineál Gaeilge a scríobhtaí i mblianta dorcha na b[[na Péindlíthe|Péindlíthe]], má scríobhtaí in aon chor í, ní raibh ann ach meascán den chanúint áitiúil agus cibé blúirín den teanga Chlasaiceach a bhí foghlamtha ag an scríbhneoir, agus an chanúint ag fáil an lámh in uachtar ar an gcaighdeán clasaiceach le himeacht na gcéadta bliain.
[[File:Irish speakers in 2011.png|thumb|Cainteoirí sa bhliain 2011.|clé]]Thosaigh litríocht na Gaeilge ag forbairt as an nua, nuair a tháinig úrscéal an [[Peadar Ua Laoghaire|Athar Peadar Ua Laoghaire]], ''[[oldwikisource:Séadna|Séadna]]'', i gcló go gairid i ndiaidh do [[Dubhghlas de hÍde|Dhubhghlas de hÍde]] a óráid mhór a thabhairt uaidh faoi chomh tábhachtach is a bhí sé an galldachas a ruaigedh as [[Éire|Éirinn]]. Is fíor nach raibh i leabhar an Athar Peadar ach dornán scéalta ón mbéaloideas, agus iad ceangailte le chéile le scéal an ghréasaí Séadna féin, fear a dhíol a anam leis an diabhal agus ar diúltaíodh faoina ligean isteach in Ifreann chomh maith leis na Flaithis. Mar sin féin, bhí Gaeilge líofa nádúrtha ann, rud a thaitin go mór mór le lucht athbheochana na teangan. I ndiaidh ''Shéadna'', aistriúcháin nó athinsintí ar scéalta clasaiceacha ba mhó a tháinig ó pheann an Athar Pheadair, leithéidí an leagain Ghaeilge a rinne sé de ''[[Don Quixote]]'', agus dála go leor daoine aithnidiúla eile i saol na Gaeilge, scríobh sé dírbheathaisnéis freisin, ''Mo Scéal Féin'', a áirítear ar bhunchlocha litríocht na Gaeilge chomh maith céanna.
 
Is mar réabhlóidí ba mhó a bhain [[Pádraig Mac Piarais]] amach a chlú iarbháis, ach is gá aird a tharraingt air gur scríbhneoir Gaeilge a bhí ann, leis. Scríobh sé roinnt gearrscéalta rómansúla, traigéideacha fiú, agus iad suite i saol na Gaeltachta. Is é "Eoghainín na nÉan" an ceann is mó a théann i bhfeidhm ar an léitheoir, go háirithe ar an léitheoir atá eolach ar chinniúint an scríbhneora.[[Íomhá:Cainteoirí Gaeilge - Irish Speakers.svg|deas|thumb|Cainteoirí Gaeilge sa bhliain 2007.]]Bhí [[Pádraic Ó Conaire]] ina státseirbhíseach sóisearach i Londain nuair a chuala sé iomrá ar athbheochan liteartha na Gaeilge. B'as Gaillimh dó, agus canúint an cheantair timpeall aige, siúd is gur féidir lorg Ghaeilge Chontae an Chláir a aithint ar a stíl fosta, canúint a chuaigh i léig idir an dá linn. Scríobh sé scéalta faoi imirce na nÉireannach go Sasana, faoin saol crua a bhí acu thall ansin, faoin bhfánaíocht agus faoi athbheochan an spioraid náisiúnta. B'é an t-úrscéal greanntragóideach úd "Deoraíocht" a mhórshaothar. Thairis sin, scríobh sé roinnt mhaith gearrscéalta agus altanna iriseoireachta.
 
Is iad na dírbheathaisnéisí Gaeltachta a cuireadh i gcló idir an dá chogadh domhanda, áfach, na clasaicigh mhóra chomhaimseartha. An triúr is clúití acu, is iad ''An tOileánach'' le [[Tomás Ó Criomhthain]], ''Peig''—tuairisc a thug [[Peig Sayers]] ar imeachtaí a beatha féin, agus "Fiche Bliain ag Fás" le [[Muiris Ó Súilleabháin]]. B'as an mBlascaod Mór do na dírbheathaisnéisithe seo: seandaoine a bhí sa chéad dís acu, agus iad ag tabhairt cur síos ar a saol féin i nGaeilge ghlan an oileáin; ach fear óg a bhí i Muiris, agus súil eile ar fad aige ar na cineálacha imeachtaí a bhí ar siúl san áit. Thar aon rud eile, bhí na leabhair seo ceaptha le Gaeilge mhaith dhúchasach de chuid na sean-[[An Ghaeltacht|Ghaeltachta]] aonteangaí a scaipeadh i measc na scoláirí, ach is é an gnáthghearán inniu ná gur baineadh mí-úsáid pholaitiúil as na leabhair seo—[[Peig Sayers|Peig]] go háirithe—le coimeádachas cultúrtha agus reiligiúnda a chur chun cinn i measc na bpáistí, dála shíolteagasc na dtíortha ollsmachtúla. [[Íomhá:geill_sli.jpg|thumb|[[Comhartha tráchta]] "Géill Slí" i g[[Contae Phort Láirge]]|clé]]
 
Is deacair gan an cheist a chur, nárbh fhearr do na máistrí scoile an dírbheathaisnéis ó Ghaeltacht [[Cúige Uladh|Chúige Uladh]], ''Rotha Mór an tSaoil'' le [[Micí Mac Gabhann]], a chur os comhair na ndaltaí in áit an triúr Blascaodach. Scéal is ea é gur beag duine nach gcuirfeadh sé spéis ann, nó bhí saol suimiúil ag Micí: chuaigh sé go Meiriceá le hór a bhaint as talamh sioctha Alasca in Klondyke, agus é ag saothrú luach a phasáiste ag rúpáil oibre anseo is ansiúd, aon áit a raibh na fostóirí sásta post a thabhairt d'Éireannach a bhí—mar a fheictear don léitheoir—dall go leor ar an mBéarla an chuid ba mhó den am.
 
Bhí muintir na gcúigí eile ag fáil deacair ciall a bhaint as an litríocht [[Cúige Mumhan|Mhuimhneach]]. Mar sin, bhí siad den tuairim gur chóir a gceart a bhaint amach do na canúintí eile sa litríocht. B'iad an bheirt deartháracha ó na Rosa, [[Séamus Ó Grianna]] agus [[Seosamh Mac Grianna]], na scríbhneoirí ba mhó ó [[Cúige Uladh|Chúige Uladh]]. Bhí siad páirteach i g[[Cogadh na Saoirse (Éire)|Cogadh Saoirse na hÉireann]] agus i g[[Cogadh Cathartha na hÉireann]], agus chaith siad tamall i mbraighdeanas i ndiaidh an dá chogadh, ach bhain gach duine acu deireadh súile den náisiúnachas a fhad agus a bhí leas mhuintir na Gaeltachta i gceist. Tá an frustrachas le haithint ar go leor dár scríobh siad. Mar sin féin, bhí siad sách difriúil le chéile mar scríbhneoirí. Scríobhadh Seosamh, an duine ab óige acu, leabhair uaillmhianacha ardealaíonta, leithéidí an úrscéil ''An Druma Mór'' agus na dírbheathaisnéise ''Mo Bhealach Féin''; ach sháraigh air mórán ratha a bhaint amach dó mar scríbhneoir. Tháinig críoch dheifnideach lena chuid scríbhneoireachta nuair a cuireadh i dteach na ngealt é agus síocóis dhúlagrach ag luí ar a intinn. Maidir le Séamus, áfach, chaith sé a shaol ag scríobh leabhar i ndiaidh a chéile i stíl sheanaimseartha rómansúil, go dtí gur éirigh sé as an nGaeilge ar fad roimh dheireadh a bheatha sna seascaidí. Le teann éadóchais i dtaobh thodhchaí na teanga, chuaigh sé leis an ngluaiseacht [[Language Freedom Movement|''Language Freedom Movement'']], a bhí in aghaidh mhúineadh éigeantach na Gaeilge.
[[Íomhá:Aire-leanai.jpg|deas|thumb|Comhartha bóthair.]]
[[Íomhá:Irish road sign.png|thumb|Fógra dátheangach i mBéarla agus Gaeilge]]