An difríocht idir athruithe ar: "An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920)"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Home Rule- 'Oh! Henry where did you get that cigar and why are you smoking it?' (22906005345).jpg|mion|Chuaigh na polaiteoirí sa Bhreatain trí anás uafásach le "Home Rule", c1905-1910]]
Chuir [[Rialtas na Ríochta Aontaithe|rialtas na Breataine]] an t'''Acht um Rialtas na hÉireann''' i bhfeidhm ar [[23 Nollaig]] [[1920]].<ref>{{Lua idirlín|url=https://theirishrevolution.ie/wp-content/uploads/2020/03/U7.-TY-IRISH-PROJECT-BOOK-P3.pdf|teideal=Atlas of the Irish Revolution - Acmhainní do Scoileanna - AONAD 7, Cuid a 3|údar=UCC|dáta=|dátarochtana=2020}}</ref> Bhí an tAcht bunaithe ar an gCeathrú Bille um [[Rialtas Dúchais]] na [[Éire|hÉireann]]. Reachtaíodh é le cur leis an ngealltanas a bhí tugtha ag Rialtas na Breataine le fada Rialtas Dúchais a bhronnadh ar [[Éire|Éirinn]], tar éis [[an Chéad Chogadh Domhanda]].
 
Bhí an tAcht bunaithe ar an tuiscint a bhí ag [[David Lloyd George]] agus Walter Long (ceannaire na n[[Aontachtóirí na hÉireann|Aontachtóirí]] i g[[Cúige Uladh]]) ar [[Polaitíocht|pholaitíocht]] na hÉireann roimh an gcogadh. Ach idir an dá linn, d'athraigh an suíomh in Éirinn an oiread agus nár leor an tAcht leis na hÉireannaigh a shásamh.
Líne 22:
Le linn an Chéad Chogadh Domhanda, d'athraigh atmaisféar polaitiúil na hÉireann go mór. Sa bhliain 1916, [[Éirí Amach na Cásca|d'éirigh Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann amach]] in aghaidh na nGall i m[[Baile Átha Cliath]]. Chuaigh aisfhreagra na Sasanach ar an Éirí Amach glan oscartha thar fóir, agus iad ag cimiú náisiúnaithe nach raibh baint ar bith acu leis an Éirí Amach. Dá réir sin, chuaigh meon na nÉireannach chun radacachais, agus chuir [[Géarchéim an Fhrithchoinscríofa]] 1918 tuilleadh luais léi.
[[Íomhá:Sinn Féin election poster - 1918.jpg|mion|Sinn Féin, 1918]]
Tháinig Sinn Féin chun tosaigh, agus an Páirtí Parlaiminteach ag cailleadh tábhachta go tiubh mar ghuth an náisiúnachais Éireannaigh. In [[Olltoghchán na hÉireann, 1918|Olltoghcháin na bliana 1918]], bhain Sinn Féin amach trí cinn déag is trí scór de na suíocháin pharlaiminteacha, cúig cinn thar chúig scór, a bhí ag dul d'Éirinn, agus tháinig siad le chéile beag beann ar pharlaimint Westminster, mar pharlaimint neamhspleách Éireannach, nó Dáil Éireann. Ghair siad stát neamhspleách d'Éirinn, nó Poblacht na hÉireann.
 
Ar a lán cúiseanna éagsúla chaith na Feisirí Aontachtacha go léir vóta in aghaidh an Achta. B'fhearr leo go bhfanfadh iomlán [[Cúige Uladh|Chúige Uladh]] taobh istigh den Ríocht Aontaithe, agus níor ghlac siad le stáitín féinrialaitheach [[Tuaisceart Éireann|Thuaisceart Éireann]] ach amháin mar shop in áit na scuaibe.
Líne 29:
 
==Dhá Stát faoi Rialtas Dúchais - Struchtúr an Rialtais ==
[[Íomhá:Irish UK election 1918.png|clé|mion|[[Olltoghchán na hÉireann, 1918|Toghchán 1918]]]]
Ba é an tAcht seo a rinne [[Críochdheighilt na hÉireann|críochdheighilt]] ar Éirinn. Dealaíodh sé chontae - [[Contae an Dúin|an Dún]], [[Aontroim]], [[Ard Mhacha]], [[Contae Fhear Manach|Fear Manach]], [[Contae Dhoire|Doire]] agus [[Contae Thír Eoghain|Tír Eoghain]] - ón gcuid eile den tír, chomh maith leis an dá bhuirg úd [[Béal Feirste]] agus [[Doire]]. Ba é seo uasmhéid an limistéir ina bhféadfadh na hAontachtóirí an tromlach a choinneáil slán, ach san am céanna, fágadh cuid mhaith [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Caitlicigh]] i bhFear Manach agus i dTír Eoghain taobh istigh den teorainn.
 
Líne 40:
==Torthaí ==
Níor thionóil parlaimint an Deiscirt ina hiomláine ach aon uair amháin. Nó nuair a bhí an [[Conradh Angla-Éireannach]] sínithe, bhí faomhadh na parlaiminte seo ag teastáil ar chúiseanna foirmiúla. Mar sin, tháinig Teach Teachtaí Dheisceart Éireann le chéile aon uair amháin le glacadh leis an gConradh, agus ansin, scoireadh ar an toirt é le go bhféadfadh an Tríú [[Dáil Éireann|Dáil]] teacht ina áit.
 
== Féach freisin ==
 
* [[Críochdheighilt na hÉireann]]
* [[Olltoghchán na hÉireann, 1918]]
* [[Olltoghcháin na hÉireann, 1921|Olltoghchán na hÉireann, 1921]]
* [[Dara Dáil|An Dara Dáil]]
* [[Conradh Angla-Éireannach]]
 
== Tagairtí ==