An difríocht idir athruithe ar: "Noel Gallagher"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 11:
Is ceoltóir [[Sasana]]ch é '''Noel Thomas David Gallagher''' (as Gaeilge: ''Nollaig Tomás Daithí Ó Gallchóir'') a rugadh in [[Longsight]] [[Manchain|Mhanchain]] ar an [[29 Bealtaine]] [[1967]]. Bhí Gallagher ina phríomhscríbhneoir, [[giotár|príomhghiotáraí]] agus amhránaí sa ghrúpa rac-cheoil [[Oasis]], banna a bhunaigh sé in éineacht lena dheartháir [[Liam Gallagher|Liam]]. Bhain sé rath agus cáil domhanda amach leis an mbanna, agus shroicheadar a mbuaic is airde i lár na nóchaidí nuair a bhí Oasis ar an "mbanna is mó ar domhain", mar a deireadh seisean go rialta. Le scaoileadh an albaim ''[[Definitely Maybe]]'' sa bhliain 1994, ghlac Gallagher ait lárnach i ngluaiseacht cheoil nua ar a thugtar "Britpop", agus bhain sé sult mhór as a cháil nua.
 
Is ceoltóir aonair inniu é, tar éis dó dhroim a thabhairt d'Oasis sa bhliain 2009. Bhunaigh sé an banna: Noel Gallagher's High Flying Birds (Éin Ard-eitilt Noel Gallagher) go gairid ina dhiaidh sin. agus scaoilfidísScaoileadh a gcéadchéad albam in 2011. D'fhan sé leis an mbanna ó shin.
 
== Tús a shaoil ==
Saolaíodh Noel Gallagher i Longsight, réigiún timpeall trí mhíle ó theas ó chathair Mhanchain. Tá sé ar an dara duine de triúr buachaill a rugadh le tuismitheoirí Éireannacha - is as [[Contae Mhaigh Eo|Co. Mhaigh Eo]] dá mháthair Peggy agus as [[Contae na Mí]] dá athair Tommy<ref>[http://www.irishtimes.com/newspaper/theticket/2008/1003/1222815469295.html?via=mr The Irish Times 3 Deireadh Fómhair 2008]</ref>. Nuair a tháinig a dheartháir Liam ar an saol sa bhliain 1972, bhog an teaghlach go Ashburn Avenue, áit atá suite sa bhruachbhaile Burnage. Bhí óige deacair ag Noel, agus é ag troid go minic i gcoinne a athar, fear a bhí faoi tionchar an óil i gcónaí. De bharr an teannais a bhí sa teach agus an brú a bhí orthu, bhí stad sa chaint aige féin agus a dheartháir is sine Paul. Roinn sé seomra leapa le Liam agus iad ag fás aníos.
 
Fuair Peggy Gallagher scaradh dlíthiúil óna fear céile sa bhliain 1976, ach d'fhanadar le chéile ar feadh sé bliana déag eile sular d'fhág Peggy an teach, ag tógáil na buachaillí ina h-éineacht.

Mar dhéagóirí, bhí na buachaillí i dtrioblóid go minic, Noel ach go háirithe, leis an scoil agus leis na bpóilíní. Thit sé isteach le h-amhsóirí peile sa chathair, grúpaí ar nós an Maine Line Crew, na Under-5s agus na Young Guvnors sna hochtóidí. Agus é trí bliana déag d'aois, gearradh sé mhí promhaidh air, tar éis dó siopa áitiúil a robáladh. Timpeall an am seo, thosaigh sé ag baint triail as an giotáir, agus é ag seinm le chéile leis na bannaí móra ar an raidió.

D'fhéach sé ar The Smiths ag casadh an amhráin This Charming Man ar Top of the Pops sa bhliain 1983, agus chuaigh an rud seo go mór i bhfeidhm air. Mar a dúirt sé níos déanaí, "Ó shin i leith, ba mhaith liom a bheith Johnny Marr".
 
== Gairm cheoil ==
Thosaigh sé a shlí bheatha sa cheol le banna mór le rá eile as Manchain, Inspiral Carpets. Theip sé ina iarracht a bheith ina amhránaí sa ghrúpa, ach lean sé ar aghaidh ag obair leo mar "roadie". Nuair a d'fhill ´sé ar Mhanchain tar éis chamchuairt leis na hInspiral Carpets, chuaigh sé chun súil a chaitheamh ar bhanna a dhearthár, Rain ab ainm dóibh sna laethanta seo. Ní raibh meas ar bith aige dóibh mar bhanna, ach ghlac sé seilbh orthu agus chuir sé na h-amhráinhamhráin a bhí scríofa aige féin ar fáil dóibh. D'athraigh siad ainm an bhanna go Oasis, tar éis siopa éadaí sa chathair.
 
Bhain Oasis an-cháil amach thar oíche lena gcéad ceirnín ''Definitely Maybe''. B'é Gallagher a chum na rianta ar fad, roinnt dóibh agus é fós ag obair lena athair ar na láithreáin tógála ar fud na cathrach. Chuaigh ceol an bhanna go mór i bhfeidhm ar ghlúin óg nua, ceol sultmhar agus sonasach a tháinig mar shólás do dhaoine a bhí tuirseach leis an stíl cheoil dorcha a bhí i bhfaisean ag an am, [[grúinse]] agus araile. Bhí ainm in airde ag Oasis go tobann, agus Noel go h-áiritheháirithe mar chumadóir agus urlabhraí an ghrúpa.
 
Ó thaobh an chumadóireachta de, cuireadh i leith Gallagher uaireanta gur ghoid sé rudaí ó bhannaí éagsúla, mar shampla [[Rolling Stones]] agus a laochra [[The Beatles]]. Níor shéan Gallagher na líomhaintí seo go díreach, ach mhaígh sé go raibh grá mór aige do na fathaigh siúd, agus rinne sé an méid seo mar ómós. "Leantóir a chumann amhráin", mar a thug seisean air.