An difríocht idir athruithe ar: "Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin"

m
no edit summary
(Ag baint Carolan.jpg amach, agus ag chur Maurice_O'Connor.jpg isteach mar ionadúchán. (Scrios CommonsDelinker é ón Cómhaoin mar: File renamed: #2))
mNo edit summary
{{WD Bosca Sonraí Duine}}
| ainm = Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin
| íomhá = Carolan full.jpg{{!}}220px
| ceannteideal = Portráid ón leabhar "The Irish and Highland Harps" le R.B. Armstrong, 1904 (J.C. Trimball, 1844)
| dáta_breithe = [[1670]]
| áit_bhreithe = [[An Obair]], [[Contae na Mí]], [[Éire]]
| dáta_báis = [[25 Márta]], [[1738]]
| áit_bháis = [[Béal Átha Fearnáin]], [[Contae Ros Comáin]], [[Éire]]
| náisiúntacht = [[Éireannach]]
| gairm = Cumadóir agus ceoltóir
| iomráiteach = Ceol na nGael
| duaiseanna =
| céile = Maire Nic Uidhir
| síniú =
}}
 
[[Cláirseach|Cláirseoir]] agus [[Cumadóireacht|cumadóir]] ceoil ba ea '''Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin''' nó '''Turlough O'Carolan''' ([[1670]] – [[25 Márta]] [[1738]]). Chum sé neart fonn agus [[Amhránaíocht|amhrán]], agus tá rian cheol chlasaiceach a linne le haithint go soiléir ar a shaothar. Tá éileamh mór ar a chuid cheoil fós agus tá cuid mhaith de cóirithe le haghaidh [[uirlis]]í eile.
== Ceol agus cumadóireacht ==
Cláirseach phrástéadach den seansaghas a bhí ag an gCearbhallánach. Bhíodh coim mhór ag a leithéid de chláirseach agus í déanta d’adhmad sailí.<ref>Rimmer, lch 53.</ref><ref>http://www.earlygaelicharp.info/Irish_Terms/</ref> Téada [[Miotal|miotail]] a bhíodh inti agus iad á dtarraingt leis na hingne. [[Uirlis]] an-deacair a bhí inti, agus bheadh ort tabhairt fúithi i dtús d’óige.<ref>Yeats, lch 13.</ref> Thosaigh an Cearbhallánach i bhfad ródhéanach chun cumas ceart seanma a bhaint amach,<ref>Bunting, lch 72.</ref>ach bhí ardchumas cumadóireachta aige agus cuimhne fhíormhaith.<ref>Bunting, lch 71.</ref> Deirtí go ndéanadh sé cumadóireacht ar chnaipí a chóta, á samhlú mar línte agus spásanna.<ref>Bunting, lch 72.</ref>
 
[[Íomhá:Maurice O'Connor.jpg|mion|R. B. Armstrong ''The Irish and Highland Harps'', Edinburgh, David Douglas, 1904]]
Bhí tionchar mór ag ceol [[An Iodáil|Iodálach]] a linne air. Dúirt a chara Cathal Ó Conchubhair: “Vivaldi charmed him and with Corelli he was enraptured”.<ref>Luaite in Yeats, lch 49.</ref> Mar sin féin, is dócha go raibh meas aige ar an sean-nós seanma.<ref>Bunting, lch 71.</ref>