An difríocht idir athruithe ar: "Pentti Linkola"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Duine}}
[[Íomhá:Pentti linkola.jpg|thumb|Kaarlo Pentti Linkola (2006)]]
 
[[Scríbhneoir]], [[fealsamh]] éiceolaíoch, éaneolaí féinteagasctha agus easaontóir [[An Fhionlainn|Fionlannach]] is ea '''Kaarlo Pentti Linkola''' ([[7 Nollaig]] [[1932]] i [[Heilsincí]] - [[4 Aibreán]] [[2020]] in Valkeakoski). Cé gur sa phríomhchathair a saolaíodh é, chaitheadh sé cuid mhór dá am faoin tuath, agus chuir sé suim i gcúrsaí na timpeallachta agus na héiceolaíochta luath go leor. Chaith sé cúpla bliain ag staidéar bitheolaíochta in [[Ollscoil Heilsincí]], ach d'éirigh sé as go luath, ó b'fhearr leis bheith ag éanadóireacht amuigh faoin aer. Chuidigh sé leis na héaneolaithe ag déanamh breathnóireachta agus ag coinneáil súile ar na héanacha, agus scríobh sé caibidlí dá lán foilseachán faoi éanacha na Fionlainne.