An difríocht idir athruithe ar: "Léaráid datha is méide réaltraí"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Leathanach cruthaithe le 'Image:Galaxy color-magnitude diagram.jpg|thumb|300 px|Samhail den léaráid datha is méide réaltraí le trí chineál: seicheamh dearg, scamall gorm agus gleann gla...'
 
(No difference)

Leagan reatha ó 08:53, 24 Lúnasa 2020

Taispeánann léaráid datha is méide réaltraí an gaol idir dearbhmhéid (tomhas lonrachta) agus mais réaltraí. Bhain Eric Bell et al. feidhm as an suirbhé COMBO-17 chun tuairisc thosaigh a thabhairt in 2003 ar thrí réimse na léaráide seo,[1] tuairisc a léirigh dáileadh démhódúil na réaltraí dearga agus gorma mar atá sé le fáil in anailís na sonraí i Suirbhé Digiteach Spéire Sloan[2] agus fiú san anailís a rinne G. Vaucouleurs in 1961 ar mhoirfeolaíocht réaltraí.[3]

Samhail den léaráid datha is méide réaltraí le trí chineál: seicheamh dearg, scamall gorm agus gleann glas.

Tá trí phríomhairí ag an léaráid: seicheamh dearg, gleann glas agus scamall gorm. Tá na chuid is mó de na réaltraí sa seicheamh dearg agus iad ina réaltraí éilgiseacha, mórán. Tá an chuid is mó de na réaltraí gorma le fáil sa scamall gorm agus iad ina réaltraí bíseacha, mórán. Idir an dá dháileadh sin tá limistéar réasúnta folamh a dtugtar an gleann glas air agus roinnt réaltraí dearga bíseacha ann.

Murab ionann agus léaráid den chineál céanna, léaráid réaltaí Hertzsprung-Russell, níl airíonna na réaltraí ag brath ar fad ar an áit a bhfuil siad ar an léaráid datha is méide. Léiríonn an léaráid éabhlóid mhór in imeacht aoiseanna. Bhí an seicheamh dearg níos luaithe in réabhlóid na cruinne agus níos buaine trasna méadaíochtaí. Níor dáileadh an scamall gorm chomh cothrom sin, ach bhí seicheamh le feiceáil ann.

Tugann taighde nua le fios go bhfuil dhá chineál an-éagsúla réaltraí le fáil sa ghleann glas: réaltraí déanacha nach bhfuil foinse gháis ná stór gáis acu le fada an lá chun réaltaí a dhéanamh, agus réaltraí luatha a chaill a bhfoinse gháis agus a stór gáis gan mhoill toisc, is dócha, go ndearnadh cumasc nó go raibh núicléas gníomhach réaltrach ann.[4][5]

Síltear go bhfuil Bealach na Bó Finne agus Réaltra Aindraiméide sa ghleann glas toisc go bhfuil a gcumas cruthaithe réaltaí á ídiú go mall de cheal gáis.[6]

Nótaí cuir in eagar

  1. Bell, Eric F. et al. Nearly 5000 Distant Early‐Type Galaxies in COMBO‐17: A Red Sequence and Its Evolution since z=1, The Astrophysical Journal, 608:752–767, 2004 June 20. [1]
  2. Strateva, I., et al. Color Separation of Galaxy Types in the Sloan Digital Sky Survey Imaging Data, 2001, The Astronomical Journal, 122, 1861 [2]
  3. de Vaucouleurs, G. Integrated Colors of Bright Galaxies in the u, b, V System. 1961, The Astrophysical Journal Supplement Series, 5, 233. [3]
  4. "Is our Milky Way galaxy a zombie, already dead and we don't know it?" (en).
  5. "The Green Valley is a Red Herring: Galaxy Zoo reveals two evolutionary pathways towards quenching of star formation in early- and late-type galaxies" (2014). Monthly Notices of the Royal Astronomical Society 440 (1): 889. doi:10.1093/mnras/stu327. Bibcode2014MNRAS.440..889S. 
  6. Mutch, S.J. (2011). "The Mid-life Crisis of the Milky Way and M31". The Astrophysical Journal 736 (2): 84. doi:10.1088/0004-637X/736/2/84. Bibcode2011ApJ...736...84M.