An difríocht idir athruithe ar: "Nynorsk"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 43:
Cé go raibh an ''Landsmål'', nó an ''Nynorsk'', ag dul ó neart go neart i dtús na fichiú haoise, chaill sí an móiminteam seo i rith na haoise toisc go ndearnadh an iomarca athruithe ar an norm scríofa, dar le lucht leanúna na hArd-Ioruaise.
 
Is minic a deir lucht leanúna an ''Nynorsk'' oifigiúil ná go bhfuil sé tábhachtach nach náirítear aon duine toisc go bhfuil canúint á labhairt aige, agus gurbh fhearr go mbeadh gach duine i dteideal teanga scríofa a chleachtadachleachtadh a bheadh sách cóngarach dá chuid cainte.
 
Ceann de na natháin is aithnidúla de chuid ghluaiseacht an ''Nynorsk'' is ea ''Snakk dialekt - skriv nynorsk'' - "bí ag labhairt canúna agus ag scríobh ''Nynorsk''". Ní aontaíonn gluaiseacht na hArd-Ioruaise leis an ngairm chogaidh seo. Deir siad gur feillbheart atá sa chineál seo iolrachais agus nach ndeachaigh sé ach chun dochair don ''Nynorsk'', ós rud é nach féidir leis na daoine bheith cinnte faoi cheart na teanga. Is í an éiginnteacht seo is cúis leis an meath a tháinig ar úsáid an ''Nynorsk'' sa dara leath den fhichiú haois, dar leo.