An difríocht idir athruithe ar: "Glúin na Buaidhe"

Content deleted Content added
m Rang
No edit summary
Líne 1:
Eagraíocht náisiúnaíoch fhíor-Ghaelach sna [[1940í|1940idí]] in [[Éire|Éirinn]] a bhí i n'''Glúin na Buaidhe''' (sin leagan [[Gaeilge Uladh|Ultach]] de ''Ghlúin an Bhua'', mar a scríobhfaí sa Chaighdeán é). B'iad [[Gearóid Ó Cuinneagáin]] agus [[Proinsias Mac an Bheatha]] príomhfheidhmeannaigh na heagraíochta. Bhí baint ag [[Annraoi Ó Liatháin]] leis an eagraíocht freisin, agus scríobhadh [[Ciarán Ó Nualláin]] - deartháir [[Myles na gCopaleen|Flann O'Brien]] - colúin ar iris na Glúine. Craobh de chuid [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]] - ''Craobh na hAiséirí'' - a bhí ann ar dtús, ach ó theastaigh ón gCuinneagánach clár oibre polaitíochta a chur chun cinn, fuair sé dealú ón gConradh.
 
Is deacair breithiúnas ceart a thabhairt ar an nGlúin inniu. Ó thaobh amháin, bhí blas an antoisceachais ar an náisiúnachas a bhí mar réalt eolais ag lucht ceannais na Glúine. B'Le fírinne, is é an cineál idé-eolaíochta a bhí ann ná an radacachas sainiúil Éireannach é ina n-aontaíteardtagann an náisiúnachas, an Caitliceachas, an Poblachtachas agus, fiú, cineál Sóisialachais le chéile. Ón taobh eile, is léir go ndearna an Ghlúin éacht mór ag eagrú daoine óga ar son chúis na Gaeilge:. arAr obair na Glúine, nó ar obair Chraobh na hAiséirí, a d'fhás an iris fhadsaolach úd ''[[Inniu]]'', chomh maith leis an teach foilsitheoireachta ''Foilseacháin Náisiúnta Teoranta'' ([[FNT]]).
 
Cibé scéal é, ní raibh fad saoil i ndán do Ghlúin na Buaidhe féin. An chuid ba mhó den bhallra, d'fhill siad go ciúin ar an gConradh cupla bliain i ndiaidh na scarúna. B'é meon deachtóra an Chuinneagánaigh a chaill an Ghlúin, mar eagraíocht. Fear fuinniúil a bhí ann a rinne cuid mhaith ar son na teanga a fhad is a bhí srianta leis, ach nuair a bhí sé i gceannas ar a eagraíocht féin, chuaigh sé thar fóir.
 
==Léigh freisin==
 
MAC AONGHUSA, Proinsias: ''Ar Son na Gaeilge - Conradh na Gaeilge 1983-1993 - Stair Sheanchais'', Conradh na Gaeilge, Baile Átha Cliath 1993.
 
[[Catagóir:Gaeilge]]